Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Alex Hijmans

Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975. Bhog sé go Gaillimh i 1995 agus thug sé faoi shlí bheatha san iriseoireacht in Éirinn. D’oibrigh Alex le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana. D’aistrigh sé úrscéal do dhéagóirí, Maistín (2001), ón Ollainis go Gaeilge agus léiríodh a dhráma Aingilín i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh in 2002. Foilsíodh gearrscéalta le hAlex sna hirisí Comhar, Crannóg agus Dúillí Éireann.

In 2007 thug Alex aghaidh ar Mheiriceá Theas, áit ar chaith sé leathbhliain ina chónaí i mbruachbhaile bocht - nó favela - ar imeall Salvador, an tríú cathair is mó sa Bhrasaíl. Sin is ábhar dá shaothar Favela (2009) a ainmníodh ar an ngearrliosta de Ghradam Uí Shúilleabháin 2010, Tá dhá úrscéal leis i gcló Aiséirí (2011) agus Tearmann (2016).

Aiséirí

Alex Hijmans
€16.00
€14.40

Teach caifé é Aiséirí i gcathair na Gaillimhe. Nuair a théann Rebekka ag obair ann athraíonn a saol féin ó bhonn. Ealaíontóir óg, anamúil í as an Ísiltír a chuireann anam agus brí nua sa chaifé Gaelach. Tá cultúr an tí chaifé san fhuil aici. Trí shúile Rebekka a fhaighimid spléachadh úr ar shaol na Gaillimhe. Teaghlach cathrach comhaimseartha, idirnáisiúnta, soghluaiste atá i bpobal Aiséirí - ní custaiméirí amháin iad - agus is ina measc siúd a chaitheann sí léargas níos iomláine a fháil uirthi féin agus ar an méid a thug go Gaillimh an chéad uair í.

Tuilleadh

An Tearmann

Alex Hijmans
€12.00
€10.80
Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús - ach faoin am sin, tá sé rómhall. Dá lomainneoin, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice. 

Tuilleadh