Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Daithí Ó Muirí

Gearrscéalaí é an t-údar Daithí Ó Muirí, a bhfuil ceithre chnuasach gearrscéalta foilsithe aige, Seacht Lá na Díleann, Uaigheanna agus Scéalta Eile, Cogaí, agus Ceolta. Tá cónaí ar an údar i gCois Fharraige.

An chéad chnuasach gearrscéalta le ceann de na gearrscéalaithe is bisiúla sa tír. Scéalta láidre dorcha a théann faoi chraiceann an tsaoil agus a chuireann míshuaimhneas ar an léitheoir. Foilsíodh saothar leis freisin in Lá, Comhar, Oghma agus san Irish Times. "Tá stíl shiúráilte scríbhneoireachta ag rith leis na scéalta seo... éirim éigin síúil, neamhshaolta, fíormhealltach iontu... agus draíocht áirithe leo a thug ar shiúl mé." —Moltóir an Oireachtais, 1996 Seacht Lá na Díleann ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
Tuilleadh