Darach Ó Scolaí

Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Foilsíodh athinsintí leis ar dhá sheanscéal An Ceithearnach Caolriabhach (2002) agus Feis Tigh Chonáin (2000). Ar a shaothar do dhaoine óga tá na leabhair An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna (2009) sa tsraith Fionn. foilsíodh an t-úrscéal is deireanaí leis Na Comharthaí in 2014.
 
Léirigh an compántas Salamandar an dráma is deireanaí leis, An tSeanbhróg i 2009, agus rinne sé camchuairt na tíre lena dhráma Craos i 2008 agus An Braon Aníos i 2007. Bhain a dhráma Coinneáil Orainn Duais Bháitéir Uí Mhaicín amach, agus an BBC Stewart Parker Award, agus rinneadh cóiriú do Raidió na Gaeltachta ar Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos i 2009. Chomh maith le saothar cló agus stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (1998) An Leabhar (2000), agus don tsraith teilifíse Na Cloigne (2010).
 

Tuilleadh....

Lá amháin, nuair a bhí Fionn i mBinn Éadair, chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch mór láidir as an mbád. 'Caol an Iarainn is ainm dom,' a dúirt sé. 'Mura bhfuil duine anseo a bhuafadh orm i rás, gearrfaidh mé cíos ar mhuintir na hÉireann.' Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tháinig bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. 'Rithfidh mise in aghaidh Chaol an Iarainn duit,' a dúirt Bodach an Chóta Lachna.
Tuilleadh
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.
Tuilleadh
Ó bhí Fionn mac Cumhaill ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a choinneáil dóibh féin. Chun é féin a chosaint ar na naimhde sin, mhúin an banghaiscíoch Bómall d’Fhionn cén chaoi le troid. Ach chaithfeadh sé foghlaim le bheith níos stuama agus níos cliste ná duine ar bith eile beo.
Tuilleadh
Tá Micil agus Nóra sáinnithe ina dteach agus an fharraige mhór ag ardú ina dtimpeall. De réir mar atá an taoile ag dortadh isteach sa mhullach ar an tseanlánúin déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ. Ansin tagann fear na gcoláistí samhraidh len iad a thabhairt slán — nó an dtagann?
Tuilleadh
“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....” Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh, chláirseoirí, agus chrochadóirí na tíre as a gcranna cumhachta. Scríbhneoir anaithnid a scríobh 'An Ceithearnach Caoilriabhach' thart faoin mbliain 1500. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh 500 bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin. Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil. A modern Irish version of an old story, which succeeds in maintaining the vigour, poetry, humour and bawdiness of the original. The illustrations, by the author, underline the humour. The story will appeal to both young and old with a sufficient knowledge of Irish. —Booksunlimited "Leabhar grá grafach." —Foinse
Tuilleadh
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.
Tuilleadh
Nuair a théann cigire deireanach na Roinne sa tóir ar an mbeirt Ghaeilgeoirí dúchasacha deireanacha ardaítear ceisteanna a théann buille beag róghar don chnámh. An chéad dráma sa triológ Trí Bhraon. Rinne Taibhdhearc na Gaillimhe camchuairt na tíre i 2005 leis an dráma seo. Tá an dá dhráma eile sa triológ, Coinneáil Orainn agus Craos, ar fáil mar leabhair ó Leabhar Breac.
Tuilleadh
Tá bean an tí, Nóra, i ndomhan fantaisíochta dá cuid féin, agus muintir an tí ar a ndícheall ag iarraidh an saol bréige atá cruthaithe aici di féin a chaomhnú di. Ach nuair a éiríonn rómhaith leis an gcur i gcéill, agus nuair a shocraíonn Nóra tuilleadh oibre a bhaint as muintir an tí, cuireann an bhean óg, Caitlín, cos i dtaca. “Tá rudaí ag dhul ag athrú sa teach seo,” a deir Caitlín. Agus bydad tá!
Tuilleadh
Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh. Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin. Tugadh sleá dó, agus chuaigh sé amach san oíche chun pálás an Ardrí a chosaint ar Dhóiteoir na Samhna.
Tuilleadh