Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

George R. R. Martin

Úrscéalaí as New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá a scríobhann i seánra na fantaisíochta, an uafáis, agus sci-fi é George R. R. Martin. Bhain sé cáil domhanda amach dó féin lena shraith ‘A Song of ice and Fire’ atá anois ina shraith mhór teilifíse ag HBO.

Úrscéal fantaisíochta móréilimh, agus an chéad imleabhar sa tsraith eipiceach ‘A Song of Ice and Fire’ leis an úrscéalaí iomráiteach Meiriceánach George R. R. Martin. Tá an tsraith aistrithe go hiliomad teangacha agus tá leagan scannánaithe ag HBO á chraoladh ar an teilifís go hidirnáisiúnta. I mBéarla, in 1996 a foilsíodh ar dtús é, faoin  teideal A Game of Thrones.

Tuilleadh