Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Hugo Pratt

I Rimini san Iodáil a rugadh an t-úrscéalaí grafach Hugo Pratt. Chaith sé a shaol idir an Veinéis, an Airgintín, an Fhrainc, agus an Eilvéis. Is é an tsraith Corto Maltese an tsraith is iomráití dá chuid, tá breis agus fiche leabhar scríofa aige sa tsraith sin, iad aistrithe in iliomad teangacha.

Cuireadh tús leis an tsraith le Port na Farraige Goirt (Una ballata del mare salato), sa chéad eagrán den mhíosachán Il Sergente Kirk i mí Iúil. I 1970, chuaigh Pratt chun cónaithe sa Fhrainc agus thosaigh ag obair ar shraith scéalta gearra Corto Maltese don iris Franca-Bheilgeach Pif Gadget. I 1974 d'fhill sé ar na scéalta fada, agus chuir sé Corto i 1918 go dtí an tSibéir sa scéal Corte sconta detta arcana (Corto Maltese sa tSibéir), a foilsíodh i bhfoirm sraithe ar dtús san iris Linus; agus i 1980 chuir sé Corto ar thuras trasna na hÁise in La casa dorata di Samarcanda (An Teach Órga i Samarkand).

 

SLADMHARGADH: Na ceithre leabhar le chéile: In Ainm Dé Uilethrócairigh; An Buille Scoir; Tóraíocht Eile; Na Liopard-Fhir ó Rufiji
Tuilleadh

Corto sa tSibéir

Hugo Pratt
€12.00
€10.80
1918: Fágann Corto Maltese Hong Cong le dul ar lorg órchiste an Tsáir. Ar a bhealach trasna na Mongóile agus na Sibéire, in éineacht lena sheanchomrádaí, Raspúitín, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí orthu, traein armútha is eitleán cogaidh, Cosacaigh is Sínigh, fir chróga is geilt! 

Tuilleadh

An Buille Scoir

Hugo Pratt
€7.50
€6.75
1918, tá Corn na hAfraice faoi cheannas Shasana. Nuair a roinneann an Captaen Bradt, ó na King's African Rifles, rún uafásach le Corto Maltese, tagann an dún atá á chosaint aige faoi ionsaí ón 'Mullá Mire', an ceannaire Somálach Mahmad Abdullah Hassan. Caithfidh Corto rogha a dhéanamh: éalú nó cabhrú leis an gcaptaen - fear atá daortha chun báis ag cara Chorto, an gaiscíoch Danaicíleach Cuis!
Tuilleadh
1921: Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir le dul ar lorg ór na Peirse, órchiste a chuir Alastar Mór na Gréige i bhfolach san Áise os cionn 2,000 bliain ó shin. Ar a bhealach trasna na Tuirce agus na hIaráine, caithfidh sé teacht i gcabhair ar a sheanchomrádaí, Raspúitín, fear atá á choinneáil i bpríosún brúidiúil Shamarkand. Agus láthair cogaíocht déanta den limistéir sin ag fórsaí na Tuirce, na Rúise, agus Shasana, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí, aisteoirí is saighdiúirí, diabhal-adhraitheoirí is feallmharfóirí, fir chróga is geilt, agus fiú leathcheann cúpla Chorto féin!
Tuilleadh

Corto Maltese

Hugo Pratt
€45.00
€40.50
An Bailiúchán iomlán 'Corto Maltese' Seacht gcinn de leabhair in aon bheart amháin: Port na Farraige Goirt, An Teach Órga i Samarkand, Corto sa tSibéir, In Ainm Dé Uilethrócairigh, An Buille Scoir, Na Liopardfhir ó Rifiji, Tóraíocht Eile. Tabharfaidh an bailiúchán clasaiceach seo uaireanta fada léitheoireacht do shean is óg araon.

Tuilleadh
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-1-909907-76-8 1916, cabhraíonn Corto leis an mbeidiúnach El Oxford an prionsa óg Saoud a shaoradh ó phríosún i lár an fhásaigh in Éimin, áit a bhfuil sé á choinneáil ag a uncail Abdul agus an garastún Turcach. Tagann Cuis, gaiscíoch óg Danaicíleach de threibh Beni Amer, i gcabhair orthu. Cé go gcuireann béasa Chuis isteach ar Chorto Maltese, is sa troid a nochtar cumas an fhir seo....
Tuilleadh
Oirthear na hAfraice 1918, in abhantracht an Rufiji, cuireann an Leifteanant Tenton agus an Captaen Mac Griogair, ó arm Shasana, fáilte roimh Chorto Maltese ar an gKönigsberg, cúrsóir catha Gearmánach atá curtha ó mhaith ag na Sasanaigh. Tagann siad ar bhuíon de na liopard-fhir ann - buíon póilíní tiomnaithe do dhlí dúchasach na hAfraice. Téann Corto ar a dtóir agus tarraingítear isteach i scéal é a bhaineann le taisce óir agus le seancheisteanna onóra agus díoltais.
Tuilleadh
1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas - fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.
Tuilleadh

Tóraíocht Eile

Hugo Pratt
€7.50
€6.75
Tá Corto agus an gaiscíoch Cuis ag taisteal san Aibisín, i gCorn na hAfraice. Tugann siad cuairt ar mhuintir Chuis, agus cloiseann siad go bhfuil deartháir Chuis, Rhomah, gafa ag na Críostaithe. Tá sé curtha ina leith siúd gur fhuadaigh sé Fala Mariam, iníon Ras Yaqob, taoiseach ar threibh Chríostaí. Tá cosc ar phósadh idir Críostaithe agus Moslamaigh, agus tá cogadh á bhagairt idir an dá threibh!
Tuilleadh