Sladmhargadh Mór na Féile Bríde: Tabhair Leabhar mar Bhronntanas don Léitheoir i do Shaolsa

File, scríbhneoir agus iriseoir Marseilleach ab ea an t-údar Jean-Claude Izzo. Chomh maith le Kíor Thuathail (Total Khéops), ar a shaothar tá na húrscéalta Chourmo agus Solea. Rinneadh sraith teilifíse dá úrscéal Kíor Thuathail in 2001, agus rinneadh scannán de in 2002. Cailleadh é sa bhliain 2000.

Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d'fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad.

Tuilleadh