Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Pádraic Ó Conaire

I nGaillimh sa bhliain 1882 a saolaíodh Pádraic Ó Conaire. Fágadh ina dhílleachta é in 1893 agus cuireadh siar go Ros Muc é, i nGaeltacht Chonamara. Tar éis seal a chaitheamh ag obair i Sasana, áit a raibh sé páirteach le Conradh na Gaeilge, d'fhill sé ar Éirinn in 1914, agus chaith sé formhór a shaoil le scríbhneoireacht. Ar a shaothar tá an t-úrscéal Deoraíocht, agus na bailiúcháin ghearrscéalta An Chéad Chloch agus Seacht mBua an Éirí Amach, an bailiúchán scéalta grinn, Fearfeasa Mac Feasa, agus bailiúchán seanscéalta Trí Thrua na Scéalaíochta. Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1928.

Físeán: Pádraic Ó Conaire — An Fear, Johnny White (2008)

Cnuasach iomlán de na scéalta grinn a chum Pádraic Ó Conaire faoin gcarachtar Fearfeasa Mac Feasa, agus a chuid ábhaillí. "Leabhar daoithe féin Fearfeasa Mac Feasa. Fear dó féin Fearfeasa; agus dar leat gurb é Pádraic é féin é. Fear siúlach scabthach, intleachtach, magúil, cleasach, lách. Is fiú an leabhar a léamh ar mhaithe leis an méid de nadúir Phádraic atá inti. Dar leat gurb é a bheatha féin a scríobh sé agus giota beag léi." — Seosamh Mac Grianna
Tuilleadh
Athinsint bhreá nua-aimseartha le Pádraic Ó Conaire i nGaeilge dhúchasach shimplí ar trí thragóid mhóra na nGael — Oidhe Chlainne Uisnigh, Oidhe Chlainne Lir, agus Oidhe Chloinne Tuireann, faoi aon chlúdach amháin, agus iad maisithe le líníochtaí gleoite
Tuilleadh