Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Pádraig Standún

Úrscéalaí aitheanta agus drámadóir is ea Pádraig Standún as Baile Dabhóg, Caisleán na Bharraigh, i gContae Mhaigh Eo.

Foilsíodh a chéad úrscéal, Súil le Breith i 1983, agus foilsíodh an deichiú úrscéal leis, Díbirt Dé, i 2007. Tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is ráthúla sa Ghaeilge. Tá a shaothar aistrithe go Béarla, Gearmáinis, agus Polannais. Bhunaigh Bob Quinn an scannán, Budawanny (1987) ar a úrscéal Súil le Breith. Sagart is ea an t-údar, agus tá aithne le fada air mar ghníomhaí pobail. Foilsíodh leabhar dírbheathaisnéise leis Eaglais na gCatacómaí i 2014.

Tá Pádraig Standún ina shéiplíneach i gCarna, Contae na Gaillimhe, faoi láthair.

Físeán le clubleabhar.com

A.D. 2016

Pádraig Standún
€12.00
€10.80
Iarshagart ar oilthireacht go Baile Átha Cliath, Luan Cásca 2016 agus é ag tabhairt aghaidh ar Ardoifig an Phoist. Tá a chros féin le hiompar aige, agus cúpla cloch sa mhuinchille. Seo é an dara húrscéal le húdar Súil le Breith agus An tAinmhí, agus duine de na scríbhneoirí is rathúla sa Ghaeilge.
Tuilleadh
Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).
Tuilleadh