Lá Domhanda na Leabhar, 2 Márta — tabhair leabhar mar fhéirín don léitheoir beag!

Tá aithne forleathan ar an údar seo mar shaineolaí ar fhilíocht na mbard ón Nua-Ghaeilge Mhoch anall, go háirithe mar gheall ar an staidéar atá déanta aici ar na dánta ina gcomhthéacs stairiúil. Cuireann an leabhar seo lenár dtuiscint ar an bhfilíocht sin agus ar an athrú a tháinig le himeacht aimsire ar thuiscint na bhfilí féin ar an gcaidreamh daonna. Maisiú ar an leabhar is ea an stíl réidh sholéite tríd síos, agus is ábhar spéise a bhfuil le rá ag an údar faoi chuid de na dánta is cáiliúla sa Ghaeilge d’éinne a bhfuil spéis aici i dtraidisiún filíochta na Gaeilge.
Tuilleadh
Bailiúchán nua aistí ar an bpleanáil teanga, agus diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo. Cuirtear beartais úra, thacúla agus phraiticiúla chun cinn do phobal na féiniúlachta Gaeilge.
Tuilleadh
Dornán breá scéalta ó Sheanadh Farracháin i nDúiche Sheoighe curtha in eagar ag Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, agus cur síos breá ar thraidisiún na scéalaíochta sa phobal sin. Bhí sé mar bhunaidhm ag Coimisiún Béaloideasa Éireann, a bunaíodh sa bhliain 1935, béaloideas na tíre a bhailiú agus a chaomhnú ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan do lucht acadúil agus don phobal i gcoitinne. Is é atá sa leabhar seo ná staidéar ar thraidisiún na scéalaíochta mar a léirítear é san ábhar a bailíodh faoi Scéim na Scol i scoil amháin, Scoil Náisiúnta Sheanadh Farracháin i nGaeltacht Dhúiche Sheoigheach.

Tuilleadh
Bailiúchán den bhealoideas a chruinnigh daltaí scoile i gceantar Cheathrú Thaidhg do Scéim na Scol, mar a tugadh uirthi. I gcnuasach na ndaltaí as Iorras ta idir sheamnscealta, fhinscéalta, amhráin, phaidreacha, sheanfhocail, agus tomhaiseanna, agus cur s
Tuilleadh
Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh, ní hamháin ar cheol Stanford agus ar cheol na nGael, ach ar chúlra cultúir an chumadóra chlúitigh seo. Go deimhin, ní minic leabhair Ghaeilge ag scrúdú an tSasanachais, mar atá déanta sa leabhar seo a théann i ngleic le ceist an Éireannachais agus le ceist an tSasanachais, agus lena bhfuil i gceist le bheith i d'Éireannach anglafónach, agus i do Ghael.
Tuilleadh

Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé d'aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch.

Tuilleadh
Dírbheathaisnéis intleachtúil an údair is ea an aiste seo, agus páipéar taighde atá mar chuid de shraith a choimisiúnaigh Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun smaointeoireacht nua ó scoláirí aitheanta a chur faoi bhráid an phobail. "This idea of being in the middle or 'being between', of moving between different sets of extremities — between countries (Ireland and America), between religion and science, between philosophy and poetry, between knowledge and perplexity, between the particulars of reality and the universals of thought, between receding youth and approaching age — is a constant motif throughout his work." — Thomas Duddy, NUIG.
Tuilleadh
Dearcadh ar Shaolré Phiarais Fheiritéir agus go háirithe ar an bpáirt inti a bhí ag Richard Boyle, Iarla Chorcaí. Saothar nua ó dhuine de mhórfhilí ár linne, agus leabhar neamhchoitianta a chaitheann solas na scoláireachta ar shaol agus ar aigne na mionuaisle Gaelacha in aimsir an athrú saoil sa 17ú haois. Nasctar stair agus seanchas ann, cur síos mionchúiseach ar mhilieu an fhile, agus léargas ar choinbhinsiúin liteartha agus bhéasa iompair na linne. Scéal bleachtaireachta a chuireann fuil agus feoil ar chreatlach lom na staire. “This Beautifully illustrated book concerns a romantic interlude in the shared history of early 17th-century Ireland and England. At the heart of the matter is a graceful syllabic poem in Irish by Piaras Feiritéar (1653), accomplished poet of Catholic Old-English stock in West Kerry. Feiritéar wrote it in honour of Meg Russell, the ógh Ghallda or “foreign girl” identified therein as a relation of the contemporary earl of Bedford. This was Francis Russell, the 4th earl. Máire Mhac an tSaoi makes the case that she was in fact a daughter of Francis Russell. She details the circumstances in which a poem in Irish by a person of “middling rank” might conceivably have been presented to an earl’s daughter born and raised in England.” —Máirín Ní Dhonnchadha, The Irish Times "An Irish-language book about a remarkable Irish woman written by a remarkable Irish woman". —Marc Coleman, Sunday Independent Nasc leis an léirmheas sa Sunday Independent Nasc le halt faoin údar ar shuíomh Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh
Tuilleadh
Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach agus ar an laoch Laighneach, Fiacha Mac Aodha Ó Broin. Sheas sé an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael. Tá maisiúchán gleoite déanta ar an leabhar seo ag an ealaíontóir Jonathan Barry.
Tuilleadh