corp_an_duine_uasail.jpg

Corp an Duine Uasail

Pénélope Bagieu

€12.00

Luach Speisialta €9.00


128 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-909907-78-2

A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian ... agus banlaoch as an gcoitiantacht.

"Tá rud éigin speisialta faoi Corp an Duine Uasail. Tá sé breá stuama mar leabhar, cinnte, ach tá draíocht ar leith ag baint le pictiúir Phénélope Bagieu.... Zoé an príomhcharachtar. Í dathúil, mealltach, cúthail, láidir, lag, teanntásach ar a seal. Tá post marbhánta aici agus leimhe an tsaoil ag luí go trom uirthi ... ach tá doimhne ag roinnt le Zoé agus bá againn léi dá réir." — Eoin Ó Murchú, tuairisc.ie

Bronnadh an Prix des Cheminots SNCF ar an úrscéal grafach seo ag Féile Angoulême na Fraince.

Léirmheas ar tuairisc.ie