Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

Cu-_clu-dach.jpg

Paul Bolger & Barry Devlin

€12.00 €10.80

168 lch; clúdach bog; 978-1-911363-02-6

Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh.

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

"Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort ... Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell300 i gcuimhne duit." — Éoin P. Ó Murchú, Nós

Léigh léirmheas ar Nós.

Léigh faoi Chú Chulainn agus Táin Bó Cuailnge.