Lá Domhanda na Leabhar, 2 Márta — tabhair leabhar mar fhéirín don léitheoir beag!

doras_fuinneog_scuab.jpg

Doras Fuinneog Scuab

Seán Mac Mathúna

€9.00

126 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-57-7 

Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta. Ó dheas leo amach trí na páirceanna ar bhóithre beaga tuaithe, agus iad sa tóir ar an rud nach bhfuil acu: Baile.

Seoid eile atá san úrscéal seo ó pheann an mháistir.

Léigh sliocht as an leabhar