Sladmhargadh an tSamhraidh: Lascaine ar GACH LEABHAR

i_dtr_strainsartha_xx.jpg

I dTír Strainséartha

Liam Mac Cóil

€15.00 €13.50

384 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-53-9

Sladmhargadh an tSamhraidh!

An dara leabhar sa tsraith 'Lúcás Ó Briain' (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.

Seo é an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

“Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás sa Lobháin? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.” — Dónall Ó Braonáin, TUAIRISC.IE

"Seasann Mac Cóil i measc oidhrí [Uí Chadhain] i bhfianaise an tsaothair seo.... Cadhain aonair ar inbhear na húrscéalaíochta Gaeilge é Mac Cóil, atá ar na scríbhneoiirí comhaimseartha is bisiúla agus is cairéisí ó aimsir an Chadhnaigh i leith. Measaim go seasfaidh an tsraith seo ar feadh na nglún i dtraidisiún na húrscéalaíochta Gaeilge." — Lee Vahey, COMHAR

​Léigh sliocht as I dTír Strainséartha

Liam Mac Cóil ag léamh as An Prionsa Beag.