an_claomh_solais.jpg

An Claíomh Solais

Liam Mac Cóil

€12.00

Luach Speisialta €10.00

104 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-02-8

"Ba ansin a tharla sé. Ag stróiceadh aníos an bóthar mar a bheadh splanc dhubh thintrí ann. Le linn dó féin agus do Reiner a bheith ag cur deireadh le radharc cathréimneach an chlaímh go croíúil glórach, chonaic sé ag déanamh air é mar a bheadh neach dorcha éigin as ríocht na gréine..."

Úrscéal a suitear i Ráth Chairn na Mí sna míonna beaga roimh bhunú Theilifís na Gaeilge. Filleann léiritheoir óg teilifíse ar Éirinn agus cuireann faoi sa Ghaeltacht chun páirt a ghlacadh sa réabhlóid chultúrtha atá á tuar aige. Comhthreomhar leis an bpríomhscéal instear scéal an náisiúnaí Éireannaigh George Moore agus a fhilleadh siúd ar Éirinn chun páirt a ghlacadh san Athbheochan Litríochta — sin agus ceoldráma Wagner, Siegfried.

An Claíomh Solais ar fáil ar Amazon