an_litir.jpg

An Litir

Liam Mac Cóil

€15.00

Luach Speisialta €6.50

276 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-57-5

GEARRLIOSTA 'LEABHAR NA BLIANA' 2012: Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus  Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain - Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean. 

Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.

Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta. — Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG

Page-turner.... Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain. — Proinsias Mac a'Bhaird, Gaelscéal
Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Micheál Mac Craith, Comhar.

You can feel the boots and blades in Mac Cóil's Galway... An Litir is a singular achievement. — Pól Ó Muiri, The Irish Times

Léigh sliocht as An Litir

Léigh an léirmheas iomlán ar shuíomh an Irish Times

An Litir: Clubleabhar mhí Feabhra 2013

Físeán

Liam Mac Cóil ag léamh as An Prionsa Beag.

An Litir ar fáil ar Amazon

An Litir ar fáil mar rleabhar ar an Amazon Kindle