An_Choill.jpg

An Choill

Liam Mac Cóil

€18.00

116 lch; clúdach crua; ISBN 978 1 909907 69 0

Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh  leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios  aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar chéim cuireann sé  aithne ar a thimpeallacht agus tosaíonn ag déanamh  a bhealaigh i dtreo an tsolais.  

Úrscéal fealsúnach é seo le duine de  phríomhscríbhneoirí ár linne, agus é scríofa i  bhfaisean an chúigiú haois déag — tús ré na  foilsitheoireachta. Féachann An Choill le dul i ngleic  le cás duine de ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leo  an Soitheach Naofa a bhaint amach sa deireadh.  Scéal an fhir aineoil sin atá anseo. B'fhéidir gurb é  scéal gach aon duine é.  

Léigh sliocht as an leabhar.