Lá Domhanda na Leabhar, 2 Márta — tabhair leabhar mar fhéirín don léitheoir beag!

An_Fuadach_NUA.jpg

An Fuadach (Kidnapped)

Robert Louis Stevenson

€15.00

304 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-909907-65-2

An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.

 

Aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James 'coróin agus príomhbhua an ealaíontóra'.

San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth.

"Tá an scéal athinste i nGaeilge bhríomhar, ag cur leis an mblaiseadh ar choimhlint na gcultúr, sa mhéid is gur teanga an dreama atá thíos atá á léamh ... Scéal den scoth, agus athinsint bhríomhar." —Aonghus Ó hAlmhain, ''Smaointe Fánacha Aonghusa.'

“Scéal maith eachtraíochta, ach tá téagar agus substaint ag baint leis.” —Séamas Mac Annaidh, 'Blas'  BBC Raidió Uladh.

Léigh alt Leabhar Breac ar Mharú na hApann

Leigh léirmheas ar Oileán an Orchiste ar tuairisc.ie

Léigh sliocht as an leabhar