Tuatha_De-_Danann-_clu-dach.jpg

Tuatha Dé Danann

Diarmuid Johnson

€16.00

120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0

Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.

Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?

Seoid na Bliana

Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.

"Seoid na Bliana ... Is fada ó bhain mé an oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain. Rithim, ceol agus comhfhuaim fite le simplíocht, nádúr agus deilbh na Gaeilge ina gcúlra sciamhach ag scéal lán eachtraí, gliceas, dea-chaint, daonnacht agus draíocht." Máire Ní Fhinneadha, tuairisc.ie

"The author finds the language and rhythms to give the modern language a feeling of ancient authenticity while shaping a story that has a central drive and pace." —Cathal Póirtéir, Books Ireland.

Léigh an léirmheas ar tuairisc.ie

Tuatha Dé Danann ar fáil ar Amazon