Bruno Heitz

Scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí é Bruno Heitz. Tá cónaí air sa Provence, i ndeisceart na Fraince.

Chaitheadh Bruno beag a óige ag tochailt sa ghairdín agus ag déanamh tollán, droichead is garáistí dá chuid carranna beaga. I mbun na hoibre sin dó, thagadh sé, scaití, ar phluaiseanna spéisiúla — tolláin a bhíodh déanta ag lucha agus caochóga na háite. Anois agus é fásta suas (beagnach), baineann sé slí bheatha amach ag cumadh scéalta agus ag tarraingt pictiúr don dream óg. Is i ndeisceart na Fraince atá cónaí air, áit a mbíonn an ghrian ag taitneamh agus a mbíonn duine fásta in ann an lá a chaitheamh ag spraoi sa ghairdín! Agus nuair a d’iarramar air coimic a dhéanamh dúinn, amach leis sa ghairdín, chuaigh síos ar a dhá ghlúin, agus chuir cluas le talamh go gcloisfeadh sé cad a bhí ag titim amach thíos ansiúd….