Is breá linn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil ó cheann ceann na tíre — ón gCafé Liteartha sa Daingean go dtí an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste.

Clúdach paimléide, bratach na Palaistíne; pamphlet cover, Palestine flagAg ócáid ina raibh ball de choiste náisiúnta na Palaistíne den ghluaiseacht BDS (baghcat, dífheistiú, smachtbhannaí) ar cuairt ar Chorcaigh, ghlac Saleh Hijazi cóip den phaimfléad ‘Ar Son na Palaistíne’ ón scríbhneoir Colm Ó Ceallacháin.

Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a’Bhaird, Colm Ó Ceallacháin, Cathal Ó Searcaigh, Antain Mac Lochlainn, Vincent Morley, agus Darach agus Caomhán Ó Scolaí atá páirteach ann.

Ar na sleachta nua a scríobhadh go speisialta don leabhrán tá ‘Oiliúint’ le hAntain Mac Lochlainn, Deoraí le Proinsias Mac a’Bhaird, agus trí dhán le Cathal Ó Searcaigh, ‘Gaza’, ‘Níl Teitheadh i nDán Dúinn’ agus ‘Cathair na Mairgní’. Tá dán leis an bhfile Palaistíneach Refaat Alareer (a maraíodh in ionsaí Iosraelach anuraidh) aistrithe ag Colm Ó Ceallacháin don leabhrán, agus is sleachta as saothair nua  dá gcuid atá á bhfoilsiú ag na scríbhneoirí eile.

Paimfléad 16 leathanach A5 (nó bileog A2 fillte mar a bheadh léarscáil ann) atá sa leabhrán Ar Son na Palaistíne, agus é deartha go gleoite ag an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí.

Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar Chorrán Dearg na Palaistíne.

Tá an paimfléad ar fáil ar líne ar shuíomh Leabhar Breac