Cléireach de shliocht Eoghanacht Chaisil ab ea Feilimí mac Criomhthainn (Fedelmid mac Crimthainn) agus rí ar Mhumhain ó 820 go 84

Grianghraf dubh is bán de Chaiseal Mumhan, black and white photograph of the Rock of CashelBall den chléir a bhí ann i dtús a shaoil, agus ball den Chéile Dé — gluaiseacht spioradálta a leag béim ar an díthreabhachas. Luaitear le mainistir Dhoire Eidhneach go sonrach é (nó Doire na bhFlann i gContae Thiobraid Árann mar atá inniu air). Scriba et anchorita (scríobhaí agus díthreabhach) a tugadh air in Annála Uladh, agus bhí sé ar dhuine den chléir a luaitear le hAontú Mhaol Ruáin agus, go deimhin, tugadh Aontú Fheidhlimidh ar an ngluaiseacht spioradálta a bunaíodh timpeall air féin.

Cé gur de shliocht ríoga Feidhlimidh, ní raibh aon duine dá dhlúthmhuintir féin ina rí lena linn ach, in ainneoin sin, rinneadh rí ar Chaiseal Mhumhan de in 820. Is léir gur ina cháilíocht mar chléireach sinsearach a ghabh sé an flaitheas — nós a bhí coitianta i measc ríthe na Mumhan.

Portráid, cloigeann is guaillí, de rí ón meánaois | Head and torso portrait of medieval kingLe linn a réimis, chruthaigh Feidhlimidh é féin mar rí láidir míleata agus chuir sé deisceart Laighean faoina smacht agus mórchuid de Chonnachta. Mar thoradh air sin, bhí coimhlint ghéar idir é agus ríthe na Teamhrach, Conchúr mac Donncha Mí (+833) ar dtús, agus Niall Caille (+846) ina dhiaidh sin. Sa bhliain 827 eagraíodh rídháil idir Feidhlimidh agus Conchúr, agus eagraíodh dáil eile idir é féin agus Niall Caille in 838 ach, in ainneoin sin, bhí sé ina chogadh dhearg eatarthu go leanúnach.

Ba ghearr ina rí Feidhlimidh nuair a chuaigh sé i gcomhar le hAirtrí Ab Ard Mhacha chun Dlí Phádraig (Lex Patricii) a fhógairt i gCúige Mumhan — dlí a thug cosaint don chléir. Cé go raibh cáil na cráifeachta air, loisc sé mainistir Dhorú in 833 “go doras an tearmainn”, agus rinne sé léirscrios ar Chluain Mhic Nóis agus Cill Dara. Is rídhócha gur mainistreacha iad sin a thug a dhúshlán nó nár réitigh leis na Céilí Dé.

Sa bhliain 840, rinne Feidhlimidh ionradh ar Mhaigh Bhreá agus ar an Mí, ghlac seilbh ar Chnoc na Teamhrach, agus ghabh bean Néill Chaille, Gormlaith iníon Chonchúr na Mí agus a bantracht.

Mar a dúirt an file:

As é Fedhlimidh an rí,
dianidh obair aon-láithi,
etrighi Connacht gan cath,
acus Midhe do mhandradh

Is é Feidhlimidh an rí
a dhéanann obair aon-lae:
giollaí Chonnacht gan cath
agus an Mhí a shlad.

Ach an bhliain dar gcionn, tháinig armshlua Néill Chaille aniar aduaidh ar shlua Fheidhlimidh i Magh Ochtair, láimh le Cluain Conaire in Uíbh Fhailí, agus ba ar éigean a thug Feidhlimidh a chosa leis as an ármhá. Tar éis teitheadh dó, tháinig a chuid naimhde ar a bhachall faoi sceach draighin (Ní ag easpaig amháin a bhíodh bachaill an tráth sin, bhídís ag aba agus ag ceannairí eaglasta eile freisin).

Bachall Fheidlimidh fighligh
fo-racbadh isna draighnibh;
dos-fuc Niall co nert n-atha
a cert in catha claidhmigh. 

Bachall Fheidlimidh bhigile
a d’fhág sé insna draighnibh;
do rug Niall, go neart flatha,
de cheart an chatha claímhte.

Tháinig deireadh le caithréim Fheidhlimidh tar éis chath Mhagh Ochtair. Cailleadh leis an dinnireacht é ar an 18 Lúnasa 847 (tráth a raibh breis is seachtó bliain slánaithe aige). Dar le muintir Chluain Mhic Nóis, ba é spiorad Chiaráin Chluana féin a bhuail ropadh dá bhachall sa bholg air i ndíoltas as loscadh a mhainistreach.

Ina phortráid d’Fhéilimí, léiríonn an t-ealaíontóir Alé Mercado an rtíchléireach faoi chlogad corónta, agus bachall (ar leathcheann Bhachall na Leamhan é) ina dheasóg.