14 teideal le Leabhar Breac ar Top 50 an Irish Times

Portráid firCúis ríméid dúinn go bhfuil ceithre leabhar déag le Leabhar Breac ainmnithe ag an Irish Times ar na caoga leabhar is fearr ó thús an chéid i leith (liosta anseo). Orthu sin tá ceithre leabhar le Liam Mac Cóil, trí leabhar an duine le Darach Ó Scolaí agus Diarmuid Johnson, agus leabhar an duine le Cathal Ó Searcaigh, Eilís Ní Anluain, Feargal Ó Béarra agus Seán Mac Mathúna.

Lascaine speisialta le bua na scríbhneoirí a cheiliúradh

Is mó teideal le Leabhar Breac atá ar an liosta ná teach foilsitheoireachta ar bith eile, agus mar cheiliúradh ar bhua ár gcuid scríbhneoirí, sa choicís amach romhainn, beidh lascaine speisialta 30% ar gach leabhar linn ar an liosta.

Dearbhán “IrishTimes50”

IrishTimes50 an cód dearbháin. Bainfear 30% de luach gach leabhar atá ar an liosta ach IrishTimes50 a scríobh sa bhosca dearbháin ar an suíomh.

Tá na leabhair le feiceáil anseo.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.