Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil DEIRDRE ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2024! Comhghairdeas ó chroí leis an údar Darach Ó Scolaí, leis an ealaíontóir Anastasia Melnykova, agus leis na scríbhneoirí ar fad atá ar an ngearrliosta!

author photo“Gile an tsneachta, duibhe an fhéich, agus deirge na fola”

Leagan nua de thragóid mhór na seanscéalaíochta í Deirdre. Go deimhin, is beag Gael inniu nár chuala trácht ar chur síos Dheirdre ar Naoise, “gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua,” ná ar fhilleadh Chlann Uisnigh as Albain lena gcur chun báis in Eamhain Mhacha. Is ar an leagan is sine den scéal, Loingeas Mhac Uisnigh, a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair ealaíne.

“Beocht, dúchas is dánacht Dheirdre i chuile shiolla, idir phrós is duan”

Is é a scríobh Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie, “Is geall le bheith ag cloisteáil an scéil seo den chéad uair é, tá beocht, dúchas is dánacht Dheirdre i chuile shiolla, idir phrós is duan … is aoibhinn liom an comhrá uile sa téacs seo mar meallann sé isteach sa saol sin thú, bua an tseanchaí … Is iomaí seoid atá faoi gharda in iarsmalanna na cruinne nach mbuailfeadh an leabhar seo le háilleacht.”

“Is mó duine a léifidh an scéal in aon iarracht amháin, agus a léifidh arís ina dhéidh sin é”

Book cover, clúdach leabhairMar gheall ar an stíl iontach a chleachtann Darach tríd síos is rí-fhuirist an leabhar a léamh, agus déarfainn gur mó duine a léifidh an scéal in aon iarracht amháin, agus a léifidh aris ina dhéidh sin é,” a scríobh an Dr Breandán Ó Cróinín, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.”

Dhá údar ag Leabhar Breac ar an nGearrliosta

Dhá leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais i mbliana, chomh maith le Deirdre, tá Saighdiúir úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh a suitear le linn an Chogaidh Mhóir (1914-18). Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an ealaíontóir agus guímid an t-ádh orthu sa chomórtas.

Fógrófar an buaiteoir ar an 23 Meán Fómhair.

Deirdre SLIOCHT