Panorama de phrós na Gaeilge le míle bliain anuas atá sa leabhar éachtach seo leis an údar agus scoláire Diarmuid Johnson. Tá léargas sna sleachta sin ar an éagsúlacht agus ar an mbisiúlacht atá i dtraidisiún na scríbhneoireachta idir 1100 agus 1925

Tobar a bhfuil doimhneas agus úire ann

Clúdach leabhair, book coverChomh maith leis na sleachta as saothair mhóra na Gaeilge, tá nótaí teanga leis an údar agus cur síos ar fhorbairt na teanga ón aonú haois déag i leith. Ar na saothair atá faoi chaibidil, tá Immram Curaig Maíle Dúin, Táin Bó Cuailnge, Caithréim Cheallaigh, Annála Ríochta Éireann, Mac na Míchomhairle, Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, agus go leor eile a tarraingíodh as tobar an traidisiúin, tobar a bhfuil doimhneas agus úire ann, athnuachan agus íocshláinte, uaisleacht agus intleacht, aduaine agus aistíl, aibíocht agus ársaíocht, íogaireacht agus áilleacht.

“Tá scoth na litríochta ann agus í cóirithe go healaíonta”

“Dá mbeadh cúrsa á cheapadh agam ar stair na Gaeilge, idir litríocht agus teanga, seo é an téacsleabhar a bheadh agam,” arsa an scoláire Aidan Doyle. “Tá scoth na litríochta ann agus í cóirithe go healaíonta sa Nua-Ghaeilge ag an údar. Tá réamhrá le gach sliocht a shuíonn an mhír ina chomhthéacs staire agus litríochta féin. Ina theannta sin, soláthraíonn an t-údar nótaí a mhíníonn na ceisteanna gramadaí is tábhachtaí i stair na teanga. Vademecum é Deoch an Tobair do lucht léinn na Gaeilge.”

Fear an Tobair

File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. I gCardiff na Breataine Bige a rugadh é in 1965. Cuireadh oideachas air i nGaillimh idir 1970 agus 1989. Tá céim B.A., M.A. agus Ph.D. sa Léann Ceilteach aige. Ó 1989 i leith tá blianta go leor caite aige ina léachtóir ollscoile in Éirinn, sa mBreatain Bhig, sa mBriotáin, sa nGearmáin agus sa bPolainn. Chaith sé cúig bliana le ceird na hiriseoireachta agus na heagarthóireachta i gConamara.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.