An Teach Órga i Samarkand

Hugo Pratt

12.00

256 lch; clúdach bog; ISBN 1 909907 43 0

An Teach Órga i Samarkand: Úrscéal ghrafach le Hugo Pratt do dhéagóirí agus léitheoirí fásta.

1921: Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir le dul ar lorg ór na Peirse. Órchiste é sin a chuir Alastar Mór na Gréige i bhfolach san Áise os cionn 2,000 bliain ó shin. Ar a bhealach trasna na Tuirce agus na hIaráine, caithfidh Corto teacht i gcabhair ar a sheanchomrádaí, Raspúitín. Cara leis é Raspúitín atá á choinneáil i bpríosún brúidiúil Shamarkand (Teach Órga Samarkand).

Corto agus a Leathcheann Cúpla!

Agus láthair cogaíocht déanta den limistéir sin ag fórsaí na Tuirce, na Rúise, agus Shasana, cuirtear tús le heachtra ina gcastar orainn sóivéidigh is náisiúntóirí, aisteoirí is saighdiúirí, diabhal-adhraitheoirí is feallmharfóirí, fir chróga is geilt, agus fiú leathcheann cúpla Chorto féin!

Rógaire a bhfuil Croí Órga Aige

“As Corte Malteses na Veinéise (Sráid na Maltach), is é sin Corte Contarini del Bovolo, a ainmníodh an carachtar Corto Maltese, is cosúil. Captaen mara gearr-abartha é atá i mbun eachtraíochta i dtús an 20ú hAois. Déantar cur síos air mar “rógaire, a bhfuil croí órga aige”, agus tá bá ar leith aige leis an té a mbuailtear cois air. I Valletta a saolaíodh é, mac le mairnéalach as Corn na Breataine agus bean feasa nó striapach de chuid ghiofóga na hAndalúise ar a dtugtar “La Niña de Gibraltar”.

Luí ag Corto Maltese leis an gCosmhuintir

“Ina bhuachaill óg dó i gceantar na nGiúdach i gCórdoba, chonaic Corto nach raibh líne chinniúna ina dhearna aige agus ghearr sé líne ann le rásúr, agus é meáite ar a chinniúint féin a roghnú. Cé go bhfanann sé neodrach go polaitiúil, tá luí aige leis an gcosmhuintir agus leis an dream atá faoi leatrom.” — Vicipéid

Seo é an dara leabhar sa tsraith úrscéalta grafacha ‘Corto’. Aistriúchán déanta i nGaeilge shimplí shaibhir. Leabhar í a thaitneoidh le léitheoirí fásta chomh maith le déagóirí. Is é Darach Ó Scolaí a d’aistrigh. Tá Port na Farraige Goirt agus Corto sa tSibéir.An Teach Órga i Samarkand ar fáil freisin ó Leabhar Breac

Breathnaigh ar an bhfíseán, An Teach Órga i Samarkand: