Description
96 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-909907-67-6
Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois.
Bainis, loscadh tí, agus marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne
Am éigin sa 15ú haois a scríobhadh Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal i dtraidisiún mór na fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Agallamh na Seanórach. Le cúpla céad bliain anuas tá an scéal seo á bhreacadh ag scríobhaithe i lámhscríbhinní agus á léamh ag Gaeil cois teallaigh. Sa leagan nua seo le Darach Ó Scolaí tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne.
‘Is binne ná ceol cruite a bheith ag éisteach le binnchomhrá do bhéil’
Is ceiliúradh ar an bhFiannaíocht agus ar litríocht na Gaeilge leagan Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin agus tá leitheoirí na Nua-Ghaeilge curtha faoi chomaoin mhór aige. Tréasliimis a leabhar breá fiannaíochta leis. Faoi mar a deir Conán fein, ‘Is binne ná ceol cruite a bheith ag éisteach le binnchomhrá do bhéil’. – Breandán Ó Cróinín, Comhar
“Darach Ó Scolaí retells Feis Tigh Chonáin, a long-forgotten series of stories from the Fenian cycle, in modern day Irish. If any book can bring the stories of the Fiann into the 21st century, this well-written, well-designed book can.” —booksunlimited.