Tuatha Dé Danann

Diarmuid Johnson

16.00

Tuatha Dé Danann, 120 lch; clúdach crua; 978-1-911363-20-0

‘Leabhar Gaeilge na Bliana’

Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, “agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndéithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn”.

Dea-chaint, Daonnacht agus Draíocht

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann. Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne? Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.

Ghnóthaigh an leabhar seo gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag an An Post Irish Book Awards 2018.

“Seoid na Bliana … Is fada ó bhain mé an oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain. Rithim, ceol agus comhfhuaim fite le simplíocht, nádúr agus deilbh na Gaeilge ina gcúlra sciamhach ag scéal lán eachtraí, gliceas, dea-chaint, daonnacht agus draíocht.” Máire Ní Fhinneadha, tuairisc.ie

“The author finds the language and rhythms to give the modern language a feeling of ancient authenticity while shaping a story that has a central drive and pace.” —Cathal Póirtéir, Books Ireland.

Léigh sliocht as an leabhar

Léigh an léirmheas ar tuairisc.ie

Tá an leabhar ar fáil ar Amazon

Éist le sliocht as Tuatha Dé Danann á léamh ag an údar: