An Ghaeilge sa Dlí

Dáithí Mac Cárthaigh

30.00

280 lch; clúdach bog; 978 1 909907 8 43

Stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair — is ábhar don leabhar seo. Cuimsítear inti pleanáil agus pleanáil teanga, oideachas, craolachán, an tseirbhís phoiblí, cúrsaí Gaeltachta, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna. Déantar mionphlé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltar leasuithe atá bunaithe ar scoth-chleachtais i gCeanada agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

Téacsleabhar Tairbheach Fiúntach

Is sain-téacsleabhar í seo don mhac léinn agus don dlíodóir cleachtach atá scríofa ar shlí atá intuigthe d’aon duine gur cás leis cúis na Gaeilge.

An Stair, an Dlí, agus an Ghaeilge

“Guím go mbainfidh lucht a léite, go háirithe glúin nua d’aturnaetha agus d’abhcóidí ar cás leo an Ghaeilge, tairbhe agus fiúntas as an téacsleabhar seo.” — Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga 2004-2014

“Foinse an-luachmhar é seo do dhaoine a bheadh ag tabhairt faoi chúrsaí léinn sa dlí, sa dlí le Gaeilge agus sa dlítheangeolaíocht, agus dóibh sin a bhíonn ag plé leis an bpleanáil teanga, le cearta teanga agus le stair na Gaeilge in Éirinn agus san Eoraip trí chéile.” — Dr Cathal Billings, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

An Dearcadh Idirnáisiúnta

“Tá an leabhar scríofa sa tslí is go gclúdaíonn sí an comhthéacs dlíthiúil in Éirinn — idir chleachtadh, reachtaíocht, Dhlí Bunreachtúil, chearta agus ilnithe eile — ach, níos tábhachtaí b’fhéidir ná seo, tugann an leabhar seo an dearcadh idirnáisiúnta.” — Dr Seán Ó Conaill, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

“Ní minic saothair theicniúla ar liostaí den chineál seo ach seo sárfhoilseachán arbh fhiú mionstaidéar a dhéanamh air. Téacsleabhar toirtiúil é (18 caibidil + aguisíní) a mhíníonn seasamh oifigiúil na Gaeilge faoin mBunreacht go cuimsitheach. Déantar breithiúnais agus cinntí cúirte a mheá go tomhaiste freisin agus baintear brí as fasaigh ar shlí shothuigthe agus iontaofa. Is éachtach an lear eolais agus anailíse atá curtha i ndiaidh a chéile go stuama soiléir ag Dáithí Mac Cárthaigh i bpáirt leis an eagarthóir comhairleach, Séamus Ó Tuathail AS.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

“Tá éacht déanta ag an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh agus leabhar léannta scríofa aige … Ní hamháin gur leabhar dlí é seo ach leabhar spreagúil is ea é ina bhfuil an tírghrá fite fuaite sna tagairtí agus san anailís, Is leabhar misniúil é a thagraíonn do cad is féidir a bhaint amach sa Ghaeilge.” — Cormac Ó Dúlacháin, Comhar.

Is abhcóide cleachtach é Dáithí Mac Cárthaigh B.A., M.A., LL.B., a phléann le cúrsaí sibhialta agus coiriúla. Tá réimse leathan alt faoi chúrsaí dlí foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla aige. Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge in Óstaí an Rí é, áit a riarann sé na cúrsaí Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht (don AE), san Aistriúchán Dlíthiúil, agus sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge. Leathanach Dháith Mhic Cárthaigh: https://leabharbreac.com/product-category/daithi-mac-carthaigh-2/

Léigh clár an ábhair agus sliocht as An Ghaeilge sa Dlí.