Ar Ais i mBun Gnóthaí

Hervé Bourhis

12.00

Ar Ais i mBun Gnóthaí (An Broc Chú 2); 96 lch; úrscéal graifice, clúdach bog; 978-1-911363-18-7

Tá sé ar ais!!!

Tar éis tréimhse a chaitheamh ar a theitheadh sa Bhrasaíl, tá Guy Farkas ‘An Broc-Chú’ ar ais sa Fhrainc, agus é ar ar ais i mbun gnóthaí! Tá jab aige: teacht ar iarcheannaire an chomhlachta cógaísíocht idirnáisiúnta Duprat — fear atá ar a theitheadh ón dlí é féin — agus é a thabhairt ar láimh do na póilíní.

Ó chóisir dhrúisiúil go cillín príosún

Tóraíocht é seo a thugann é ar láithreáin scannánaíochta craicinn go dtí cóisir dhrúisiúil i chateau faoi rún … agus go cillín i bpríosún Francach. Cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar, aor é seo ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid.

Sna 70d, in Touraine sa Fhrainc, a rugadh Hervé Bourhis. Úrscealaí graifice is ea é agus tá os cionn scór leabhar scriofa nó maisithe aige, ar théamai éagsúla — rock’n’roll, Lochlannaigh, tacsa-rothair, agus a leithéid. Oibronn sé freisin i réimse na beochana agus na nuachtán. Tá an dara leabhar sa tsraith seo,

Is é Darach Ó Scolaí a d’aistrigh.Tá an chéad úrscéal graifice sa tsraith, An Broc-Chú, ar fáil ó Leabhar Breac.

Hervé Bourhis in Wikipédia

Léigh sliocht as An Broc-Chú