Frankenstein

Mary W. Shelley

7.50

24 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-911363-08-8

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Éiríonn an fathach uaigneach, ar dtus – ansin feargach. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é.

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa. Sa bhailiúchán seo, tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste Don Cíochótae agus Camchuairt Ghuilivéir.

I Sasana a rugadh Mary Shelley sa bhliain 1797. Cé gur scríobh sí úrscéalta agus drámaí eile, maireann a cáil mar scribhneoir ach go háirithe ar an úrscéal Frankenstein. Is é Darach Ó Scolai a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí.