Seacht dTír Seacht dTeanga

Diarmuid Johnson

15.00

Seacht dTír Seacht dTeanga, 320 lch, bog, 978-1-913814-10-6

Turas ó Inbhir Nis go Bucairist

Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Bucairist agus ó Chonamara  go Vársá.

Scéal File agus Fánaí

Tá blianta na Breataine Bige ann ar an seandúchas dó. Tá blianta na Briotáine ann áit a bhfuil teach agus tearmann cois coille aige. Tá blianta na Gaeltachta idir Éirinn agus Albain, blianta ar bhóithre na Polainne ag seinm ceoil, blianta léinn sa nGearmáin, blianta beaga nach iad sa Rómáin agus sa mBruiséil ar lorg na cinniúna, ag saothrú i ngort na héigse agus na healaíne, agus ag coinneáil snáithe faoin bhfiacail ó mhí go mí.

Bóthar Soir Siar trí Dhúchas na hEorpa

Léargas ar shaol na ndaoine i bhfad ó chroí na cumhachta – sin é an tréith is suntasaí sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo, Seacht dTír Seacht dTeanga. Agus léargas dá réir ar dhúchas na hEorpa soir siar ar feadh a bhfuil ann. Fág an baile i do dhiaidh mar sin, cuir mála ar do dhroim, agus siúil leat san áit a gcasfaidh an bóthar thú: ní bheidh tú gan scéal le hinseacht ná gan amhrán le rá nuair a bhainfidh tú díot do dhá bhróig i ndeireadh an aistir.

Saol atá ag sleamhnú leis beagán ar bheagán, paróiste ar pharóiste

“Fiaire feá é Johnson a bhfuil de phribhléid againne seal a chaitheamh ina fhochair ar a fhánaíocht dó … ag téaltú  isteach i dtithe bídh agus caife ar fud na Mór-Roinne agus cluas air le héisteacht leis na cainteoirí maithe Polainnise, cuir i gcás … Éachtaint ar choimheascar saol atá ag sleamhnú leis beagán ar bheagán, paróiste ar pharóiste,”

“Leabhar Eorpach é seo, agus leargas luachmhar ann ar na líomatáistí imeallacha inti, an Ghaeltacht ina measc. Tugann an t-údar ilteangach ildánach na críocha sin go lár an aonaigh, agus tugann a gceart dóibh i scéal na Mór-Roinne seo againne.” — Darragh Ó Caoimh, Breac

“The book is a personal European cultural odyssey, focusing on the author’s appetite for language and literature, poetry and song, and his fondness for the people who inspired and influenced him – poets, writers, musicians and academics and other people closely connected to their lands, cultures and traditions.” — Cathal Poirtéir, Books Ireland Magazine

:”Gné iontach den leabhar is ea an idirthéacsúlacht … Is diamhair iad na coinicéir idirlín ar ar féidir imeacht ach Googláil a dhéanamh ar cheann de chogarthagairtí Dhiarmuda.” — Seaghan Mac an tSionnaigh, Nós

Léigh an léirmheas ar Publishing Ireland

Éist le hagallamh an údair le Tristan Rosenstock, Imram

Léigh an léirmheas le Darragh Ó Caoimh ar Breac

Léigh an léirmheas le Seaghan Mac an tSioinnaigh ar Nós

Léirmheas le Darragh Ó Caoimh san iris Breac. Review by Darragh Ó Caoimh in the magazine Breac