AN CRIATHRACH FAOI SHAMHAIN
d’Fheargal

Criathrach rua, criathrach buí
Criathrach Samhna, síorchriathrach sí.
Buí-rua an criathrach, buí-rua ruabhuí
Leathbhuí anois, leath-ruabhuí arís.

Lagbhuí an criathrach, lagbhuí lagrua,
Leathlagbhuí, leath-lag-ruabhuí.

Taosbhuí an criathrach seo
Gona chrann crom rua agus buí
Crann crom, criathrach lagthaosbhuí.

An criathrach seo is gruabhuí
Lá dorcha Samhna is aitealbhuí
Criathrach scothbhuí: is lag-scothbhuí a lí.

Donnbhuí an donnchriathrach seo
Donnfholt idir ghiolc agus chíb
Donn, tréandonn, bundonn, barrbhuí.

Teimhealrua dó fós, teimhealrua, pollrua,
É polldubh, fód-dubh, dubhrua, síordhubhbhuí.

An criathrach seo is céirseachdhonn
Is céirseachbhreac breacluachair ciarbhuí.

Criathrach crónmhongach, ruachrónmhongach
Sionnach criathraigh scuab-rua bolg-rua buí.

Criathrach spréach-aitinn seo, spréach-aiteann róbhuí,
Ealta mionéan ar a ghuaille – go gob-bhuí.

Is síor-rua an criathrach seo, crónrua, cíorbhuí
Criathrach cíor-rua, scothbhreac, buí.

Muirchriathrach seo, é feamainnbhuí,
Seanmhuirchriathrach rua agus buí.

 

© Diarmuid Johnson, 2021