I mBaile Átha Cliath, Oíche Nollag, cailleadh duine de na scríbhneoirí Gaeilge is iomráití le leithchéad bliain anuas, an gearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir, Seán Mac Mathúna. “Máistir i mbun pinn,” a thug Éilis Ní Anluain air san Irish Times.
(pic: Darach Ó scolaí, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil agus Seán Mac Mathúna)
I dTrá Lí a rugadh an Mathúnach. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. I mBaile Átha Cliath a chaith sé a shaol.
Gradaim agus duaiseanna
Scríbhneoir é a raibh cáil na scéalaíochta, na samhlaíochta agus an ghrinn air. Tharraing sé aird na léitheoirí air féin ar dtús leis an gcnuasach Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983). Bhuaigh an cnuasach gearrscéalta Banana (Cois Life, 1999) Gradam Uí Shúilleabháin in 1999. Léirigh Amharclann na Mainistreach a dhráma ‘Gadaí Gear na Geamhoíche’ in 1992 agus léirigh an Taibhdhearc an dráma ‘Hula Hul’ leis — dráma a bhí bunaithe ar a úrscéal, Hula Hul (Leabhar Breac, 2007), Bhuaigh Seán duais Oireachtais 2009 dá úrscéal, Gealach (Leabhar Breac, 2012).
Ag trácht ar an úrscéal Hula Hul ar Tuairisc di, is é a dúirt Máire Ní Fhinneadha: “Ní leagfaidh tú uait an leabhar seo. Tá greann, seanbhlas, traidisiún, nualaíocht, nádúr, agus céad ceist nua sa leabhar seo. Dúiseoidh ainmneacha sa leabhar seo taibhsí as beatháisnéisí ón tréimhse sin ort ach is daonna go mór na carachtair anseo.” 
Stiúrthóir Ceardlainne
In 1984, ainmníodh Seán ina stiúrthóir ar cheardlann scríbhneoireacht a bhunaigh an Chomhairle Ealaíon. Ar na healaíontóirí a bhí faoina stiúir bhí Micheál Ó Dúshláine, agus an cartúnaí Flann Ó Riain (‘Doll’), Liam Mac Cóil, Áine Ní Ghlinn, Pádraig Mac Fhearghusa, Darach Ó Scolaí, Diarmuid Johnson, Bríd Ní Mhóráin, Aodh Ó Canainn agus Uinsionn Mac Dubhghaill. Teist ar a chumas mar mhúinteoir spreagúil an líon díobh sin a chuaigh chun cinn mar scríbhneoirí ó shin.
Saothar Nua
Is é an t-úrscéal do dhéagóirí Doras Fuinneog Scuab (Leabhar Breac, 2015) an leabhar deireanach óna pheann sular cailleadh é. “A captivating story in a style that readers of all ages will find both exciting and accessible,” a thug Cathal Poirtéir air san Irish Times.
Tá nóibhille leis, Sean-Dearc, le foilsiú ag Leabhar Breac in 2026, agus é maisithe ag an ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn.
Leabharliosta
Doras Fuinneog Scuab (Leabhar Breac, 2015)
Gealach (Leabhar Breac, 2012)
Cros na Sceilige (Coiscéim, 2012)
Hula Hul (Leabhar Breac, 2007)
Úlla (Coiscéim, 2005)
Scéal Eitleáin (Coiscéim, 2005)
Banana (Cois Life, 1999)
Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983).
Sean-Dearc (le teacht, Leabhar Breac 2026)
Cúis bróin agus caillteanas mór dúinn féin i Leabhar Breac a bháis. Cásaimid a bhás lena chlann ar fad,