Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil an t-úrscéal Éanna Corr le hAntain Mac Lochlainn ainmnithe do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann, Fógrófar gearrliosta na n-ainmniúchán i mí Feabhra agus bronnfar na Gradaim i mí na Bealtaine.
Úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne
Úrscéal do dhéagóirí is ea Éanna Corr, úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol.
“Soléiteacht agus nádúr cainte”
Is é a dúirt an t-iriseoir Máire Ní Fhinneadha faoin úrscéal ar Tuairisc.ie “Ní taobh le téama tráthúil atá an leabhar ach tá leibhéal na teanga agus líon na bhfocal tomhaiste i gceart freisin. Aon duine a bhfuil aon taithí aige ar shaothar eile le hAntain Mac Lochlainn ní bheadh sé ag súil ach le soléiteacht agus nádúr cainte.”
Príomhghradaim Leabhair Éireann
Tá Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann (ar a dtugtaí Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann/Gradaim Leabhar na Bliana Bisto tráth) á reachtáil ó 1990 i leith agus is iad seo na príomhghradaim do leabhair in Éirinn. Reachtálann Leabhair Pháistí Éireann na gradaim ar bhonn bliantúil d’údair and do mhaisitheoirí a rugadh in Éirinn, atá ina gcónaí in Éirinn nó ar saoránaigh Éireannacha iad, agus tá na gradaim ar oscailt do leabhair Ghaeilge agus Bhéarla. Gach bliain, fógrófar an gearrliosta do na gradaim i mBéal Feirste i mí Feabhra agus fógrófar na buaiteoirí i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine i gcomhpháirt le International Literature Festival Dublin.
Barr feabhais i leabhair do pháistí
Is éard atá i gceist le Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann aitheantas agus meas a léiriú ar bharr feabhais i leabhair do dhaoine óga le húdair agus maisitheoirí Éireannacha, agus an barr feabhais sin a chur chun cinn. Is iad seo na gradaim is iomráití in Éirinn agus is ceann den mhéid beag deiseanna atá ann le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach d’údair agus do mhaisitheoirí Éireannacha.
Guímid gach rath ar Antain Mac Lochlainn agus ar Éanna Corr!