Trí leabhar atá ag Leabhar Breac sna deich leabhar is fearr a foilsíodh in 2020 dar le Tuairisc.ie. Sa naoú háit tháinig Éadaoin le Diarmuid Johnson, sa tríú háit tháinig An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh, agus sa dara háit (taobh thiar den fhoclóir nua, tháinig Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil.

“An Sméar Mhullaigh”

‘Sméar mhullaigh thríológ Liam Mhic Cóil’ a thugann Dónall Ó Braonáin ar Bealach na Spáinneach. Ag scríobh dó ar Tuairisc.ie is é a dúirt an Braonánach, ‘Cé gur fadscéal eachtraíochta é, tá tráchtaireacht ann freisin ar bhunú chultúr intleachtúil na Nua-Ghaeilge, aighneasóireacht chreidimh na mór-roinne sa 17ú haois agus borradh na féiniúlachta náisiúnta. Is iontach mar a chuirtear saol, cúraimí agus cultúr na ndaoine i láthair chomh maith. Gaisce físe agus scríbhneoireachta An Litir, I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach a bheith ar fáil dúinn.

Leabhar tomhaiste sothuigthe iontaofa

Ag trácht dó ar leabhar Dháithí Mhic Cárthaigh, An Ghaeilge sa Dlí, is é a scríobh an Braonánach, ‘Ní minic saothair theicniúla ar liostaí den chineál seo ach seo sárfhoilseachán arbh fhiú mionstaidéar a dhéanamh air. Téacsleabhar toirtiúil é (18 caibidil + aguisíní) a mhíníonn seasamh oifigiúil na Gaeilge faoin mBunreacht go cuimsitheach. Déantar breithiúnais agus cinntí cúirte a mheá go tomhaiste freisin agus baintear brí as fasaigh ar shlí shothuigthe agus iontaofa. Is éachtach an lear eolais agus anailíse atá curtha i ndiaidh a chéile go stuama soiléir ag Dáithí Mac Cárthaigh i bpáirt leis an eagarthóir comhairleach, Séamas Ó Tuathail AS.’

Prós fuinte agus fíochán fileata

Sa naoú háit tháinig an tríú leabhar i dtriológ Dhiarmuid Johnson, ‘Sraith na Teamhrach’, Éadaoin. ‘Nuacheapadóireacht ar sheantéama atá sa gcóiriú seo de scéal Éadaoine,’ a scríobh an Braonánach, ‘mórscéal grá ó aimsir na Sean-Ghaeilge a bhfuil mantanna móra ag baint lena sheachadadh. A bhuíochas do phrós fuinte agus fíochán fileata Dhiarmuid Johnson, tá reacaireacht ealaíonta leanúnach curtha ar fáil do léitheoirí an lae inniu. Fágann an chumadóireacht chúramach, an fhorbairt a dhéantar ar théamaí agus an laoi filíochta ‘Mé Éadaoin’ gur saothar ealaíne ina cháilíocht féin é an foilseachán seo: ‘Mé Éadaoin, is sean mo dhán, chéasas rí, charas leannán.’