Tigh Charlie Byrne, Déardaoin 12 Feabhra, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait. Pictiúrleabhar do léitheoirí fásta é Ceas an Chait, agus is é Aodh Mac Lochlainn as Baile Átha Cliath a rinne an obair ealaíne ghleoite atá ina bharr maise ar an saothar. As Baile Liam ar an Spidéal an t-údar. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige.
Údar aoibhnis an saothar snoite seo
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chait, agus gach aon eachtra acu níos greannmhara agus níos spraíúla ná a chéile.
Suite i suíomh tuaithe den chuid is mó, tá stíl ghonta sa phrós ach saibhreas breá teanga mar sin féin sna habairtí gearra.
“Údar aoibhnis dom an mhuinín atá aige as a theanga féin,” a scríobh Máire Ní Fhinneadha faoin leabhar ar Tuairisc.ie, “ise agus eisean inniúil ar chuile ghné den saol catúil seo a léiriú gan an siolla fhéin ar sliobarna agus na glúnta d’eagna is seanchas a chine a fhuint in aon saothar snoite amháin.”
Áilleacht na healaíne
Saibhreas cainte agus scríbhneoireachta é sin a chuaigh i bhfeidhm ar dhuine de mholtóirí Chomórtas Litríochta an Oireachtais a dúirt: “Is fada ó léas scríbhneoireacht atá chomh maith leis seo. Tá sé ar fheabhas ar fad .… Ba chóir an leabhar seo a fhoilsiú gan mhoill ionas go mbeadh sé ina lámhleabhar ag gach ábhar scríbhneora.”
Mar chlabhsúr ar na scéalta, tá píosa véarsaíochta i dtraidisiún an amhráin. Agus mura bhfuil ár sáth-dhóthain ansin, tá léaráidí breátha ar fud an leabhair a thugann léargas breise ealaíontóra físe ar an bhfocal scríofa.
Ghnóthaigh bunleagan an tsaothair seo duais ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2011.
Scríbhneoir ó dhúchas
Is sa Spidéal i gContae na Gaillimhe a tógadh Labhrás Finneadha, a bhfuil cónaí faoi láthair air ar Mhór-Roinn na hEorpa. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige.
Tá an scríbhneoireacht sa bhfuil ag Labhrás, scríbhneoirí agus cumadóirí ab ea a mhuintir roimhe. Learaí Phádraig Learaí Ó Finneadha a chum ‘Bóithríní an Locháin’ agus a scríobh Ó Bhaile go Baile, agus ba é Cóil Learaí Ó Finneadha a scríobh Torrámh an Ghandail agus Scéalta Eile.
Foilsíodh dhá leabhar le Labhrás roimhe seo, Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013, agus sa bhliain 2015, foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta, Íbíotsa, a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.
Ceas an Chait: 60 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-31-1

