Le linn Éigse Cholm Cille nDoiire, in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann inniu, a sheolfar an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille inniu. Cnuasach aistí ar thionchar spioradálta, cultúrtha agus litríochta an naoimh atá sa leabhair. Ollscoil Uladh atá i mbun na hócáide agus is iad na heaspaig Donal McKeown (an Eaglais Chaitliceach) agus Andrew Forster (Eaglais na hÉireann) a sheolfaidh an leabhar. Cuid d’Éigse Cholm Cille atá san ócáid.
Naomh a raibh tionchar aige ar chultúr iarthuaisceart na hEorpa
Cnuasach aistí atá sa leabhar seo bunaithe ar pháipéir a léadh ar dtús ag comhdháil Éigse Cholm Cille 2021, a bhí mar chomóradh míle go leith bliain ar Cholmcille. D’imir an naomh tionchar fada buan ar shaol cultúrtha na nGael agus na dtíortha eile in iarthuaisceart na hEorpa, agus pléann an leabhar seo le gnéithe faoi leith den oidhreacht sin. I measc na nithe a gcaitear leo anseo tá na téacsanna – idir chráifeach agus thuata – a bhain le Colmcille, an rian a d’fhág a chultas ar chúrsaí logainmneacha, na hiarsmaí seandálaíochta agus an dul i bhfeidhm a bhí ag na Gaeil ar luatheaglais na hÍoslainne.
Saothair taighde ar an léann Éireannach
Is iad Nioclás Mac Cathmhaoil (Ollscoil Uladh), Caitríona Ó Dochartaigh (Coláiste na hOllscoile Corcaigh) agus Courtney Selvage (Ollscoil Uladh) eagarthóirí an leabhair. Seo í an dara himleabhar i Sraith Adhamhnáin, bailiúchán de shaothair taighde ar an léann Éireannach agus ar an staidéar Ceilteach.