0 Earra

I bhFionntrá an deireadh seachtaine seo, déanfaidh Féile na Bealtaine ceiliúradh agus comóradh ar cheann de scéalta móra na fiannaíochta agus, go deimhin, ar cheann de scéalta móra na tíre, faoin teideal ‘Cuimhne Chath Fionntrá / Rememberance of The Battle Of Ventry’.

PortraitCeann de mhórscéalta na Fiannaíochta é Cath Fionntrá. I lámhscríbhinn ón 15ú haois a caomhnaítear an leagan is sine, leagan sa Nua-Ghaeilge Mhoch a bunaíodh ar ábhair níos sine fós.

An Cath á Chomóradh ag Ealaíontóirí agus Ceoltóirí

Sa Bhradán Feasa (Penny’s Pottery) i bhFionntrá, beidh taispeántas leis na healaíontóirí áitiúla Áine Ní Chíobháin, Bob Ó Cathail, Domhnal Ó Bric, agus Ken Bolger lena léargas siúd ar an scéal a thabhairt dúinn. Beidh an taispeántas sin ar oscailt i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Agus i Halla Fionntá, reachtálfar ceolchoirm mhór san oíche Dé hAoine, agus le linn na ceolchoirme, faoi stiúir Gábor Péli, seinnfidh Nua-Cheolfhoireann an Daingin mír nua ceoil a chum Rachel Holstead, Cath Fionntrá.

PortraitAn Macalla i nDreach na Tíre

Déanfar cúram ar leith de ghné logánta an chatha le linn an deireadh seachtaine. Ar an Satharn, tabharfaidh Kevin Ó Sé lucht na féile ar chamchuairt an chatha, agus ar an Domhnach, in Ionad Chaitlíne, in aice Halla Ceann Trá, tabharfaidh an Dr Breandán Ó Cíobháin léacht dár teideal ‘Cath Fionntrá: An Macalla i nDreach na Tíre ina labhróidh sé ar lorg an chatha ar logainmneacha na háite.

Chomh maith le taispeántas na n-ealaíontóirí sa Bhradán Feasa, taispeánfar leathanaigh mhacasamhla den lámhscríbhinn meánaoiseach ina bhfuil an leagan is sine den scéal ar caomhnú in Acadamh Ríoga na hÉireann, chomh maith le heagráin eile den scéal a foilsíodh i bhfoirm leabhair ó shin.

Black and white portraitEagrán an tSeabhaic

Orthu sin, tá eagrán 1913 de Cath Fionntrágha le Pádraig Ó Siochfhradha, ‘An Seabhac’. Foilseofar eagrán nua de leabhar an tSeabhaic an mhí seo chugainn, Cath Fionntrá arna chur in eagar ag an Dr Breandán Ó Cróinín, agus beidh clúdach an leabhair ar taispeáint ag an bhFéile.

Leagan breá de scéal an chatha é, agus mar a scríobh Earnán de Siúnta faoin gcéad eagrám in An Claidheamh Soluis: “That telling is done in simple, flowing, eloguent, modern Irish, and while it keeps a little to the style of the seanchaidhe, it is neither florid nor verbose, but a vivid, simple and picturesque narrative throughout.”

Gach eolas faoin bhféile ag https://feilenabealtaine.ie/