Deirdre, nó Loingeas Mhac Uisnigh, an dara leabhar atá le foilsiú faoi Thionscadal na nÚrscéal le tacaíocht ó Cholmcille. Foilsíodh Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (Air Cuan Dubh Drilseach, CLÀR, 2013; aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) in 2020.

Deirdre na hAlban agus na hÉireann Deirdre, picturebook | pictiúrleabhar, artwork

Pictiúrleabhar le Darach Ó Scolaí agus Anastasia Melnykova é Deirdre, leagan nua den seanscéal Éireannach agus Albanach Longes Mac nUislenn atá le foilsiú ag Leabhar Breac i mí Dheireadh Fómhair. Cé go bhfuil scéal Dheirdre ar fáil mar choimic agus mar phictiúrleabhar do pháistí, níl leagan ceart cruinn den seanscéal ann do léitheoirí fásta. Leabhar breá maisiúil í seo a bheidh feiliúnach le léamh ag léitheoir fásta nó le léamh do dhaoine óga.

Scéal a bhaineann le hÉirinn is le hAlbain é scéal Dheirdre. Baineann sé le héalú Dheirdre ó rí Rí Uladh, Conchúr mac Neasa, a himeacht go hAlbain i gcuideachta Naoise mhic Uisnigh agus a dheartháireacha, agus an díoltas uafásach a d’imir Conchúr orthu. Is beag duine againn nár chuala cur síos cáiliúil Dheirdre ar Naoise: “gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua.”

Is in Albain a suitear cuid mhór den scéal agus aithnítear inniu na háiteanna in Albain a luaitear sa leabhar — Gleann Mhasáin agus Loch Eite (Loch Èite) ach go háirithe. Tá ainm Dheirdre in airde sa seanchas in Albain agus fiú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain.

“Mochean duit, a thír úd thoir”

Ar fhágáil na hAlban di, tá sé ráite gur thug Deirdre féachaint thar a gualainn soir ar chríocha Alban, agus go ndúirt: “Mochean duit, a thír úd thoir,” ar sí. “Is fada liom do chuan is do chaladh, do mhachairí mín-áille is do thulacha taobhghlasa, agus is beag an leas dúinn an chomhairle seo a dhéanamh.”
    Ionúin tír an tír úd thoir,
    Alba gona hiontaisibh.
    Anoir go deo ní thiocfainn,
    murach Naoise ró-ionúin.

Tá scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh ar cheann de mhórscéalta na nGael. Sa Leabhar Laighneach atá an leagan is sine den scéal, agus bailíodh leaganacha eile in Éirinn agus in Albain ó shin. Scéal é atá á scríobh is á athscríobh le hos cionn mile bliain, agus atá á insint ar leac an teallaigh fós sa lá atá inniu ann. Go deimhin, is beag Gael fiú inniu nár chuala trácht ar chur síos Dheirdre ar Naoise: gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua.

Deirdre, Portrait of Author | Portráid an ÚdairAn Scríbhneoir

Is scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Bhain a eagrán de Táin Bó Cuailnge Duais Aodán Mac Póilin amach in 2017 agus tá an leabhar sin sa tríú cló anois. Ghnóthaigh a úrscéal Súil an Daill Duais an Oireachtais in 2019 agus ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Foilsíodh athinsintí leis ar dhá sheanscéal An Ceithearnach Caolriabhach (2002) agus Feis Tigh Chonáin (2000, 2020). Chomh maith le saothar cló is stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (1998) An Leabhar (2000), agus don tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010)

Deirdre | Anastasia MelnikovaAn tEalaíontóir

Is í an t-ealaíontóir Úcránach Anastasia Melnykova atá i mbun na healaíne don phictiúrleabhar, agus é i gceist go mbeadh an leabhar ina seoid ealaíne i lámha an léitheora. Pictiúir shamplacha leis an ealaíontóir atá le feiceáil ar an leathanach seo.

Ealaíontóir agus dearthóir graifice atá i mbun a ceirde le breis is deich mbliana í Anastasia Melnykova. Tá scil ar leith aici in ealaín na heitseála, ach tá obair déanta freisin aici sa teilifís agus sa dearthóireacht ar-líne. Bhí sí páirteach in os cionn 30 taispeántas san Úcráin agus thar lear agus tá sí ina ball de Cheardchumann Náisiúnta na nEalaíontóirí san Úcráin. Is i gCorcaigh atá sí curtha fuithi anois, agus seo é an chéad uair di i mbun oibre ar leabhar.

Is é Caomhán Ó Scolaí a bheidh i mbun dearthóireachta. Dearthóir agus clóghrafadóir é Caomhán a bhfuil 30 bliana taithí aige san fhoilsitheoireacht  agus duaiseanna gnóite aige ar leabhair is ar chlúdaigh a dhearadh.

Foilseoidh Leabhar Breac Deirdre le Darach Ó Scolaí agus Anastasia Melinkova i Mí Dheireadh Fómhair 2023: Deirdre; 64 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-30-4

Tinte na Farraige Duibhe Tim ArmstrongSeo é an dara leabhar atá le foilsiú faoi Thionscadal na nÚrscéal. I gcomhar le Colmcille, foilsíodh Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (Air Cuan Dubh Drilseach, CLÀR, 2013; aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) in 2020. Rinne Imram seó ardáin den leabhar i mBaile Átha Cliath in 2022. https://leabharbreac.com/teideal/tinte-na-farraige-duibhe/

Mar chuid de chomhpháirtíocht leanúnach, tá sé i gceist an dara leabhar le Tim Armstrong, An Luingeas Dorcha air Faire a aistriú agus a fhoilsiú chomh luath is a bheidh fáil uirthi i nGaidhlig.