I dtrí cinn de lámhscríbhinní a mhaireann scéal Shuibhne: ceann a bhreac Dáibhidh Ó Duibhgeannáin idir 1671–75; ceann a bhreac Tomhaltach Mac Muirghíosa idir 1721–1722; agus leagan ciorraithe dá scéal a bhreac Míchéal Ó Cléirigh i 1629. Is in Acadamh Ríoga na hÉireann atá an chéad dá lámhscríbhinn agus i Leabharlann Ríoga na Beilge, sa Bhruiséil, atá lámhscríbhinn Uí Chléirigh.

Eagrán nua de Bhuile ShuibhnePeannaireacht na Scríobhaithe ar Taispeáint

ugann an t-údar Feargal Ó Béarra ómós speisialta do Dháibhidh Ó Duibhgeannáin san eagrán seo agus tiomnaíonn paidir dó i mbrollach an leabhair — Beannacht ar d’anam a Dháibhidh Uí Dhuibhgeannáin — agus is teist ar an eagrán breá ealaíonta seo go mbaintear úsáid as litreacha i lámhscríbhneoireacht Dháibhidh féin chun an phaidir a chur i láthair.

Cruas agus Céadfacht na hAoise Seo

Go deimhin, is i bpeannaireacht chumaisc a bunaíodh ar lámhscríbhinn Dháibhidh atá teideal an tsaothair, Mé Suibhne, ar leathanach leath-theidil an leathair. Agus níl deireadh leis an léiriú ealaíonta ómóis ansin, mar tá cóip de leathanach as lámhscríbhinn Uí Chléirigh in úsáid sa bhileog cheangail. Idir chlúdach, chló, agus dearadh an leabhair seo, is léir go bhfuil eagrán a dhiongbhála faighte ag údar an bhunscéil, Buile Shuibhne.

Eagrán nua de Buile ShuibhneAch is san scríbhneoireacht féin atá an dlaoi mhullaigh. Mar a chonaiceamar roimhe seo in An Tromdhámh, is breá an scríbhneoir é Feargal Ó Béarra. Tá cruas agus céadfacht na haoise seo béal ar bhéal aige le diamhair is filíocht na luathlitríochta. Éiríonn leis Buile Shuibhne a chur faoi faoi chló na haoise seo agus an scéal seo faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine a chur faoinár mbráid. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú.

“Blas ársa agus comhaimseartha araon”

Arsa an Ollamh Máirín Nic Eoin faoin saothar seo (ar bronnadh Gradam Aodháin Mhic Phoilín uirthi) “Ba mhór an pléisiúr an leagan seo a léamh, go háirithe de bharr chumas an údair teanga shaibhir an bhunsaothair a athshaothrú ar bhealach a fhágann blas ársa agus comhaimseartha araon ar an bhfriotal agus brí agus beocht san insint ó thús deireadh.
‘Is léir go bhfuil sárbhuanna scéalaíochta agus filíochta agus ceoil ag an údar agus tuiscint ar leith aige ar an scéal iomráiteach seo … Gona bhéim ar chomharthaí sóirt na heasláinte meabhrach, músclaíonn an t-athleagan seo ceisteanna bunúsacha faoin nádúr daonna, faoi ghnásanna na sochaí agus faoi theorainneacha na sibhialtachta.”

“Leabhar uathúil álainn lán go barra le daonnacht”

Ag trácht ar an saothar céanna di, dúirt an moltóir Oireachtais Róisín Ní Ghairbhí gur “Lleabhar uathúil álainn é seo, leabhar a thagann uair sa ghlúin de ghnáth. Leabhar é atá lán go barra le daonnacht, agus dá scolártha é, is í an daonnacht sin a raghaidh go smior sa léitheoir. Tá gaisce déanta agus mairfidh an saothar seo i bhfad.”

Eagrán nua de Bhuile Shuibhne

Léigh sliocht as Mé Suibhne