Is beag duine inniu nár chuala trácht ar úrscéal gearr Charles Dickens, Duan na Nollag (A Christmas Carol). Is ann a insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a shean-chomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh.
Eibinéasar Scrúg agus Taibhsí na Nollag
Seo é an scéal is cáiliúla riamh faoin Nollaig, agus is ann atá go leor de nósanna na Nollag fréamhaithe — an ghé, an Phutóg Nollag agus an puinse féin!
Scéal morálta é a thaispeánann an cnuastóir mar dhuine uaigneach gan chara gan chomhluadar Oíche Nollag, agus a dtagann taibhsí na Nollag chuige lena chur ar bhealach a leasa. Agus go deimhin, tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg.
An foclóirí Pádraig Ua Duinnín, i mbun pinn
In 1843 a foilsíodh an bunleagan. In 1903 a foilsíodh aistriúchán Gaeilge an fhoclóirí, Pádraig Ua Duinnín. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar an aistriúchán sin, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar.
Guítear Nollaig shúgach ar bhoic mhóra agus ar bhochtáin araon
“An chuid is fearr den leabhar ná a dheireadh ar ndóigh. An t-athrú iomlán a thagann ar Scrúg. É lán anois le haoibhneas na Nollag. An chearc is mó sa siopa á ceannach aige, toirt Thaidhgín Chaoil inti. É ag guí Nollaig shúgach ar bhoic mhóra agus ar bhochtáin araon. Nuair a phléascann an gliondar agus an t-aoibhneas seo ar fad as lár Scrúig amach is deacair gan iad a bhrath tú féin.” — tuairisc.ie
Duan na Nollag; 120 lch; clúdach crua: 978-1-911363-38-5