0 Earra

Feargal Ó BéarraGearrliosta Ghradaim Irish Book Awards

Cúis cheiliúrtha é leabhar nua Fheargail Uí Bhearra, Mé Suibhne, a fheiceáil ar ghearrliosta na hIrish Book Awards, leabhar ina bhfuil, mar a dúirt Meidhbhín Ní Úrdail fúithi in Comhar na míosa seo, ‘os cionn 600 bliain de litríocht na Gaeilge a chur ar fáil go máistriúil arís do phobal comhaimseartha na Gaeilge’. Níl aon dabht ach go bhfuil díol gradaim sa leagan comhaimseartha seo de sheanscéal Shuibhne. Fógrófar an buaiteoir an mhí seo chugainn.

Duais an Phróis, Oireachtas 2020

Dár ndóigh, is í Mé Suibhne a ghnóthaigh duais an phróis ag an Oireachtas in 20220, agus bhí an leabhar ar ghearrliosta ghradam Uí Shúilleabháin freisin i mbliana. Ní hiontas, dar ndóigh, ós í An Tromdhámh leis an údar céanna a ghnóthaigh Gradam Uí Shuilleabháin 2019.

Glór an Údair

Iad siúd a bhí i láthair ag seoladh An Tromdhámh ag an Oireachtas in 2018, chuala sé an t-údar féin ag léamh (agus ag canadh) as a shaothar. Ócáid ar leith a bhí ansin agus is breá linn go bhfuil taifeadadh fuaime againn den údar ag léamh as a leabhar nua, Mé Suibhne.anseo thíos, cloisfidh sibh Suibhne agus é á mhealladh ag an tseanchailleach chríonna, Cailleach an Mhuilinn:

 

“Ó bhí ina thost eadrainn ó thús an tsamhraidh — ó d’aithin Loingseachán uirthi gan caint gan comhrá a fhéachaint arís liom — ba dheacair a bheith léi anois. Ach siúd anois í! a deirim liom féin, agus í ag scríobadh leic na fuinneoige lena cuid ingne urghráiniúla, a ciúinchrónán cráiteach chugam isteach tríd an bhfuinneog le súil is go ndúiseodh ionam an athghealtacht….”

Éistear lena ghlór! Caithfear éisteacht! — is mór is fiú é!