Tugann údair Leabhar Breac leo an chraobh
Cúis ríméid dúinn go bhfuil ceithre leabhar déag le Leabhar Breac ainmnithe ag an Irish Times ar na caoga leabhar is fearr ó thús an chéid i leith (liosta anseo). Orthu sin tá ceithre leabhar le Liam Mac Cóil, trí leabhar an duine le Darach Ó Scolaí agus Diarmuid Johnson, agus leabhar an duine le Cathal Ó Searcaigh, Eilís Ní Anluain, Feargal Ó Béarra agus Seán Mac Mathúna.
Dearbhán speisialta “IrishTimes50”
Is mó teideal le Leabhar Breac atá ar an liosta ná teach foilsitheoireachta ar bith eile, agus mar cheiliúradh ar bhua ár gcuid scríbhneoirí, sa choicís amach romhainn, beidh lascaine speisialta 30% ar gach leabhar linn ar an liosta.
In ord tosaíochta, ainmníodh na leabhair seo le Leabhar Breac: Bódléar le Darach Ó Scolaí. An Litir le Diarmuid Johnson, Hula Hul, le Seán Mac Mathúna, Ceallach le Diarmuid Johnson, An Cléireach le Darach Ó Scolaí. Mé Suibhne le Feargal Ó Bearra, Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh, Súil an Daill le Darach Ó Scolaí, Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson, I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil, Fontenoy le Liam Mac Cóil, Filleann Seoirse le hEilís Ní Anluain, An Cláirseoir le Diarmuid Johnson, Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil.
IrishTimes50 an cód dearbháin. Bainfear 30% de luach gach leabhar atá ar an liosta ach IrishTimes50 a scríobh sa bhosca dearbháin ar an suíomh.