I Waterstones i gCorcaigh Dé Luain, seolfar dhá phictiúrleabhar nua de chuid Leabhar Breac, Liadain le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí. Baineann an dá leabhar le sraith pictiúrleabhar do dhaoine fásta a chuireann seoda na seanlitríochta faoi bhráid an phobail léiotheoireachta.

Ar na pictiúrleabhar eile sa tsraith, tá Deirdre, Bláthnaid agus Sadhbh, chomh maith leis an bhficsean le Labhrás Finneadha, Ceas an Chait.

Clúdach leabhair, book cover

Anáil na beatha curtha sa tSean-Ghaeilge

Tá an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson An Cláirseoir ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana. Ghnóthaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2025. Fógrófar an buaiteoir ar an 30 Meán Fómhair.

Banfhile na meánaoise á aithris dúinn ag banfhile ár linne féin.

Saothar suaithinseach  agus ócáid liteartha ar leith is ea Liadain, saothar a chuireann inár láthair scéal bhanfhile na meánaoise agus é á aithris dúinn ag banfhile mór ár linne féin.

Maidir le Eoghan Béal, tá a scéal ar cheann de na scéalta móra is lú eolais orthu sa Ghaeilge. Is mar Chaithréim Cheallaigh is fearr aithne air — ‘Caithréim Cellaig meic Eogain Bél’ i Leabhar Buí Leacáin nó ‘Betha Ceallaig epscoip & a mhartra’ mar atá ag Micheál Ó Cléirigh air.

Clúdach leabhair, book cover“Mo gha dearg i mo dheasláimh”

Is sa nua-insint seo, bunaithe ar an seanscéal Caithréim Cheallaigh, a insítear scéal an rí ar Chonnachta a d’ordaigh, ar leaba a bháis dó, gan é a chur sa reilig. “Cuirtear anseo mé ar thaobh an rátha,” ar sé, “i mo sheasamh sa gcré, m’aghaidh leis an tuaisceart, agus mo gha dearg i mo dheasláimh.”

Bás uafásach na gCeithre Maol

Is ann atá cur síos ar mhallacht Chiaráin Chluain Mhic Nóis; ar an drochmharú a tugadh ar Cheallach, Easpag Chill Ala; ar chéasadh agus ar mharú na gCeithre Mhaol; agus ar an mbáire fola ar bhainis Mhuirígh mhic Eoghain; chomh maith le bás agus adhlacadh Eoghain Béal féin.

Is ar leagan den scéal ón 16ú haois a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo, agus is é an t-ealaíontóir Alé Mercado (Sadhbh, 2025) a chruthaigh na pictiúir iontacha atá ina gcuid lárnach den saothar seo.

I Waterstones Chorcaí ar 18.30 Dé Luain 19 Deireadh Fómhair a sheolfaidh an tOllamh Caoimhín Ó Muirí an dá leabhar.

 

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.