Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus gur gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí eile.

Portráid dubh is bán, black and white portrait

Refaat Alareer (1979–2023)

Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a’Bhaird, Colm Ó Ceallacháin, Cathal Ó Searcaigh, Antain Mac Lochliann, Vincent Morley, agus Darach agus Caomhán Ó Scolaí atá páirteach ann.

Ar na sleachta nua a scríobhadh go speisialta don leabhrán tá ‘Oiliúint’ le hAntain Mac Lochlainn, Deoraí le Proinsias Mac a’Bhaird, agus trí dhán le Cathaal Ó Searcaigh, ‘Gaza’, ‘Níl Teitheadh i nDán Dúinn’ agus ‘Cathair na Mairgní’. Tá dán leis an bhfile Palaistíneach Refaat Alareer (a maraíodh in ionsaí Iosraelach anuraidh) aistrithje ag Colm Ó Ceallacháin don leabhrán, agus is sleachta as saothair nua  dá gcuid atá á bhfoilsiú ag na scríbhneoirí eile.

Paimfléad 16 leathanach A5 (nó bileog A2 fillte mar a bheadh léarscáil ann) atá sa leabhrán Ar Son na Palaistíne, agus é deartha go gleoite ag an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí.

Tabharfar an t-airgead a bhaileofar do Chumann an Chorráin Dheirg.

Tá an paimflead ar fáil ar líne ar shuíomh Leabhar Breac.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.