Tá Rentrée Littéraire Leabhar Breac faoi lán tseoil anois agus tá an chéad leabhar eile ar liosta an fhómhair, Bódléar, úrscéal le Darach Ó Scolaí, á réiteach le seoladh amach chuig siopaí leabhar fud fad na tíre!

Portrait of writer Darach Ó Scolaí reading | Portráid den údar Darach Ó Scolaí ag léamh as a shaothar, Úrscéal éadrom a phléann le nithe tromchúiseacha

Úrscéal éadrom soléite é Bódléar, rómáns a shuitear i mbaile beag ar an gcósta thiar san 19ú haois. Gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus beireann ó dheas leis é chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan. Bíonn súil mhór abhaile leis féin agus leis na hamhráin nua a thugann sé ar ais leis, agus reachtáiltear oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.

Ach i mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloistear na dánta nua seo “gan rím gan rithim”, tagann uafás ar mhuintir an bhaile. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir.

Súil ó dheas i dtreo na Fraince agus na Réabhlóide

San úrscéal seo, tugann an Scolaíoch isteach i ndomhan beag tuaithe muid, go dtí baile beag ar an gcósta ina bhfuil feiceáil thar farraige ag an bpobal ar chúige Mumhan ó dheas, áit a mhaireann Filí na Máighe fós, agus níos faide ó dheas, i dtreo Pháras — áit arbh é tearmann seanríthe Stíobhardacha an traidisiúin roimhe sin é ach ar stáitse réabhlóide agus mórathruithe anois é.

Go deimhin, más úrscéal éadrom é Bódléar, is úrscéal é a phléann le nithe tromchúiseacha, le hathruithe móra an tsaoil tráth a raibh domhan traidisiúnta tuaithe na hÉireann ag druidim níos gaire don tubaiste agus don nua-aois a tháinig sna sála uirthi.

Clúdach leabhair, portráid de Balzac; book cover portrait of Balzac“Gach caibidil níos pléisiúrtha ná a chéile”

“Nóibhille cruthaitheach samhlaíoch a thugann an léitheoir siar go dtí Éire Ghaelach na hochtú haoise déag (más fíor) agus a bhaineann macalla ní hamháin as filíocht Ghaeilge na tréimhse sin, ach as úrscéalta clasaiceacha na fichiú aoise chomh maith. Tá an teanga fíorálainn saibhir is gluaiseann an scéal ar aghaidh ina chaibidlí gearra gonta, gach ceann acu níos pléisiúrtha ná a chéile. Áireofar Bódléar mar chlasaic den seánra, ní amach anso, ach láithreach bonn. — Breandán Ó Cróinín

“Is saothar álainn míorúilteach é seo ina ndéantar pósadh idir an léann agus an daonnacht, an fhírinne shuthain agus an stair ghiongach. Agus comhcheol na nGael agus na bhFrancach á chasadh ag an údar, éiríonn leis cúpla sonc a thabhairt d’fhileadóirí an lae inniu feadh na slí, rud nach miste in aon chor.” — Aifric Mac Aodha

Rentrée na Bliana Seo

Ar na leabhair eile atá ar a mbealach i dtír, tá an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin, úrscéal do dhéagóirí le Antain Mac Lochlainn, Éanna Corr, leabhar ar litríocht na Gaeilge le míle bliain anuas, Deoch an Tobair le Diarmuid Johnson, agus an t-úrscéal Óró le Alan Titley — chomh maith le heagrán nua de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus de Ar Luch agus ar Dhuine.

Tuilleadh eolais: Darach Ó Scolaí ar Vicipéid