Tá Gradam de Bhaldraith buaite ag aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal clúiteach Steinbeck, Of Mice and Men. Gradam litríochta de chuid chomórtais an Oireachtas atá sa ghradam seo agus ba in 2019 a cuireadh tús leis an ghradam. Bronntar an gradam ar an aistriúchán is fearr gach bliain.

Eagrán álainn Gaeilge den seanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men atá sa saothar— leabhar a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Scéal atá ann faoi bheirt spailpíní, George agus an fathach mór ‘simplí’ Lennie, i gCalafóirne sna 1930dí. Sa rainse ina bhfaigheann siad fostú, tá bean óg dhathúil. Is é an dúil atá aicise sna fir, agus an t-éad atá ina fear céile, agus an tsoineantacht atá in Lennie, is bunábhar don tragóid atá in Ar Luch agus ar Dhuine.

An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas

Ar Luch agus ar Dhuine ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.

“Tá cuma iontach ar an leabhar …. Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine.” — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR.

John Steinbeck

Ba as Calafóirne Stáit Aontaithe Mheiriceá an scríbhneoir John Ernst Steinbeck (1902-1968). Sa Bhéarla a scríobh sé. Áirítear gur clasaicí go leor dá chuid leabhar. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air (in 1962) as ‘réalachas agus cruthaitheacht a chuid scríbhneoireachta, agus an dóigh a gcumascann sé inti an greann comhbhách agus an léargas grinn ar an tsochaí’.Seacht gcinn is fiche de leabhair a tháinig óna pheann; orthu sin tá 16 úrscéal, sé leabhar neamhfhicsin, agus dhá chnuasach gearrscéalta. Orthu sin tá The Grapes of Wrath (1939), East of Eden (1952) agus Of Mice and Men (1937).

Colmcille Ó Monacháin

I nGaoth Dobhair a tógadh Colmcille Ó Monacháin, is mar innealtóir a oileadh é, agus is sa Bhruiséil atá sé ag saothrú a choda anois mar aistritheoir le Coimisiún na hEorpa. Seo é an chéad leabhar dá chuid.