Ard-fheidhmeannaigh agus biataigh Uí Néill is ábhar d’alt Dharach Uí Scolaí san eagrán nua den irisleabhar Léann. Ar na hábhair eile atá faoi chaibidil in Léann 7 tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, agus dán adhmholta ón 15ú haois d’Éinrí Ó Néill.

Portrait of writer Darach Ó Scolaí reading Feidhmeannach de chuid sheanteaghlaigh an Tiarnais

Ardfheidhmeannach de chuid Uí Néill ab ea Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe (fl. 1542-52). Cé gur sheanteaghlach de shliocht Néill Naoighiallaigh a mhuintir, ní léir ó na fianaisí atá tagtha slán anuas chugainn go raibh fearann dá gcuid féin ag na Maolchraobhaigh.

Ach trí ghrinnléamh ar an gcúram a leagtar ar an teaghlach in Ceart Uí Néill agus trí chomparáid a dhéanamh idir é sin agus an cur síos atá againn ar bhiataigh, agus ar Chlann Mhánasa i bhFear Manach ach go háirithe, taispeántar gur rídhócha gurbh iad a bhí ina mbiataigh ag Ó Néill ar a fhearann boird i nDún Geanainn, agus go raibh Ó Néill fós ag brath ar na teaghlaigh dhúchasacha chun oifigigh a chur ar fáil dá fheidhmeannas sa 16ú haois.

Mapa den Lucht Tí ] Map of Lucht TíSan aiste ‘Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe agus a Mhuintir: Feidhmeannach agus Biataigh’ tugann Darach Ó Scolaí léiriú dúinn ar an bhfeidhmeannach Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe, duine uasal pribhléidithe a bhain le teaghlach a bhí, dar leis, ina mbiataigh d’Ó Néill i ndúiche Dhún Gheanainn le cúpla céad bliain, agus a raibh déileáil ar son Uí Néill le Gaeil is Gaill aige (tráth dá raibh plé ar bun go leanúnach idir an tiarna sin agus Rí Shasana),

Saibhreas aistí ar an nGaeilge, ar an litríocht agus ar an stair

Tá saibhreas aistí eile in Léann 7, irisleabhar Cumann Léann na Litríochtaarbh é a príomhchuspóir plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile. Agus ar an saothar taighde atá in Léann 7, iris an chumainn, tá aistí a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael.

Is iad na heagarthóirí Micheál Ó Mainnín, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Rióna Ní Fhrighil a thug Léann 7 ar an bhFód!