Seo í bliain Bhódléir. Is ar an úrscéal seo le Darach Ó Scolaí a bronnadh trí mhórdhuais na foilsitheoireachta le bliain anuas, Duais an Oireachtais 2024, Gradam Uí Shúilleabháin 2025, agus Gradam An Post Irish Book Awards.

Fear agus trófaí

Úrscéal gearr a suitear i mbaile beag ar an gcósta thiar sa 19ú haois é Bódléar. Gach samhradh, cumann an máistir scoile an bhaile dán le tabhairt o dheas leis chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan. Ach i mbliana, tar éis na cúirte, tá Bódléar tagtha abhaile agus cantal air. As seo  amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu.

“Géillimid don phobal samhlaitheach seo”

“Mar a bheadh stiúrthóir ar cheolfhoireann, cóiríonn údair an scéil álainn aoibhinn seo a chuid carachtar; nochtann siad agus labhrann siad ag an nóiméad cuí, deirid a bhfuil ag teastáil le rá i mbeagán focal,” a scríobh an Dr Róisín Ní Ghairbhí faoi Bódléar nuair a bhain sé Duais an Oireachtais amach anuraidh. “Léiríonn siad le leide a bhfuil le léiriú agus cuirtear pobal agus a gceangal le chéile inár láthair le sonc uillinne, leathchogar agus stéibheanna amhrán.

Clúdach leabhair, portráid de Balzac; book cover portrait of Balzac

“Anois is arís, feidhmíonn an t-úrscéal mar a bheadh dán fada liriciúil ann – liostáil rithimiúil agus cur síos ar na báid agus na hainmhithe mar a bheadh scéalaí ag labhairt aniar linn ón naoú céad déag, liostáil ar bhia mar a bheadh dán ón tSeanGhaeilge ann, macalla na dtréanna sa chur síos ar thréithe thrí pharóiste, tomhaiseanna.

“Tá aigne ealaíontóra ag feidhmiú sna hiomhánna a chuirtear os ár gcomhair. Fiú gan ann ach cur síos ar bheirt ag casadh ar a chéile, cuirtear an bheirt ina steillebheatha os ár gcomhair – géillimid don phobal samhlaitheach seo, ar pobal draíochtúil iad a sháraíonn imeacht an ama agus caitheamh na mblianta.”

“Pósadh idir an guth liriciúil Gaelach agus foirm na húrscéalaíochta Eorpaí”

“Ar ndóigh, is é an chomhfhreagairt idir míreanna úrscéil sine qua non na húrscéalaíochta, an heteroglossia. Guthanna Gaelacha atá anseo, áfách, agus moladh le Dia, níl smál aon chaillteanais nó gloine thiubh scáthánach aon Athbheochana ina bhac idir cumarsáid réidh an údair agus an léitheoir. Go deimhin is suáilceach sona mar phósadh an pósadh idir an guth liriciúil Gaelach agus foirm agus gnásanna na húrscéalaíochta Eorpaí. Tá abairtí áille agus íomhánna áille ann – aigne ealaíontóra a cheap. Tá scéal ann ach is é an t-iontas éadroime na stíle a iompraíonn an scéal mór tábhachtach.

“Leibhéil agus ealaín annamh“

“Scéal ann féin feabhas ionramháil na teanga – ceann de ghuthanna an leabhair. Go deimhin, ceapann na guthanna Gaeilge a n-úrscéal féin. Céiliúradh atá sa leabhar agus ní hualach don údar a chuid léinn – tuigeann an léitheoir nach ualach d’éinne an léann. Tá leibhéil ann agus ealaín annamh. Cuireadh mé ag smaoineamh ar an Eoraip, ar chearta cailíní san Afganastáin, ar an gcruthaitheacht, ar phobal, ar an gcreideamh, ar an stair, ar chúirteanna filíochta, ar an iliomad rud a bhí sa leabhar agus nach raibh sa leabhar. Meafar Joyceach Céitinneach an bhainne ag déanamh comhrá le meafar cathrach an cafetiére. Duine a léigh an-chuid leabhar a scríobh an t-úrscéal simplí álainn seo. Tá draíocht agus ceardaíocht ann. Míorúilt bheag de leabhar agus moltar go hard é.”

“Tá réim agus rithim an phróís sa leabhar”

Labhair Dónall Ó Braonáin ar Bhódlear agus an leabhar á seoladh Tigh Mholly ar an Lochán Beag aige, “Ceann de na buanna is mó atá ag Darach mar scríbhneoir ná an cóiriú stíle a chuireann sé ar rud ar bith a scríobhann sé … Déanann sé saothrú ar an teanga, saothrú atá nádúrach … Tá réim agus rithim an phróis sa leabhar ar áilleacht an tsaoil,” ar sé.

“Ní dathadóir amháin é an t-údar … ailtire é freisin.”

Agus an leabhar á léirmheas ar Tuairisc.ie aici, is é a dúirt Máire Ní Fhinneadha, “Ní tharraingeodh Paul Henry féin an Baile Beag leath chomh spéiriúil ná chomh grinn agus a dhéanann Darach Ó Scolaí ar an gcéad leathanach den leabhar seo … Ní dathadóir amháin é an t-údar mar scannán beo a chonaic mise sa gcéad chaibidil sin, liútar éatar gan bhuíochas agus gnúsacht an chuairteora mór le rá faoi ‘dheireadh na héigse’. Ailtire é freisin mar is iomaí urlár san úrscéal seo ach iad uilig ag luí le chéile.”

“Nóibhille eisceachtúil”

Fágtar an focal deireanach ag moltóirí Ghradam An Post: “Cuireann Bódléar fuil agus cnámha ar lucht litríochta an naoú haois déag, dream a choinnigh lasair leis an lóchrann a fuaireadar le hoidhreacht ó leithéid Dháibhí Uí Bhruadair. Cuireann an nóibhille eisceachtúil seo friotal deisbhéalach ar an tréimhse inar tháinig forbairtí eile fós ar fhilíocht na Gaeilge. Dearbhaíonn Darach Ó Scolaí nach dtiocfaidh deireadh le hÉigse go brách an fhad is a bheidh clanna Gael ag saothrú an phinn.”

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.