0 Items

Faoi dheireadh thiar, tá Ceas an Chait i gcló. Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Labhrás Finneadha agus an t-ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn is ea Ceas an Chait.

Portráid dubh is bán, b/w portraitGreann agus Spraoi

Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chait, agus gach aon eachtra acu níos greannmhara agus níos spraíúla ná a chéile.

Stíl ghonta agus saibhreas breá teanga

Suite i suíomh tuaithe den chuid is mó, tá stíl ghonta sa phrós ach saibhreas breá teanga mar sin féin sna habairtí gearra. Saibhreas cainte agus scríbhneoireachta é sin a chuaigh i bhfeidhm ar dhuine de mholtóirí Chomórtas Litríochta an Oireachtais a dúirt: “Is fada ó léas scríbhneoireacht atá chomh maith leis seo. Tá sé ar fheabhas ar fad .… Ba chóir an leabhar seo a fhoilsiú gan mhoill ionas go mbeadh sé ina lámhleabhar ag gach ábhar scríbhneora.”

Book coverClabhsúr véarsaíochta

Mar chlabhsúr ar na scéalta, tá píosa véarsaíochta i dtraidisiún an amhráin. Agus mura bhfuil ár sáth-dhóthain ansin, tá léaráidí breátha ar fud an leabhair a thugann léargas breise ealaíontóra físe ar an bhfocal scríofa.

Ghnóthaigh bunleagan an tsaothair seo duais ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2011.

An tÚdar

Is sa Spidéal i gContae na Gaillimhe a tógadh Labhrás Finneadha, a bhfuil cónaí faoi láthair air ar Mhór-Roinn na hEorpa. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige.

Foilsíodh Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013, agus sa bhliain 2015, foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta, Íbíotsa, a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.